Teicneolaíocht Nua: Tapadóir

Tá taighde agus tionscadail nua-theicneolaíocht idir láimhe ag taighdeoirí agus saineolaíthe lonnaithe in ionad taighde ADAPT anseo in Ollscoil Chaithair Bhaile Átha Cliath. Baineann na tionscadail taighde leis an tecneolaíocht, aistriúcháin, na meáin shóisialta, an oideachais, cúrsaí ríomhaireachta agus mionteangacha cosúil leis an Ghaeilge.

Is tionscadal ‘Tapadóir’ a bhí tosaíthe i mí Eanáir 2014 agus atá maoinithe ag an Roinn Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta (DAHG). An príomh-aidhm is mó atá ag Tapadóir ná forbairt a dhéanamh ar luas aistriúcháin ó Bhéarla go dtí an Ghaeilge, tríd úsáid úirlisí haistriúcháin uathoibríoch.

Tá ainm an tionscadal bunaithe ar an bhfocal ‘tapa’ i nGaeilge, a chiallaíonn ‘fast’.

Is teanga oifigiúil na hÉireann í an Ghaeilge, agus de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, caithfidh gach doiciméad rialtas agus comhlachtaí phoiblí na hÉireann a bheith dhátheangach. Cuireann an acht seo an-bhrú ar aistreoirí proifisiúnta an rialtais doiciméad dátheangacha den ard-chaighdéan a chruthú go tapa. Is é an aidhm is mó ag Tapadóir ná cabhair a thabhairt do na haistreoirī seo na doiciméad seo a chruthú go tapa trí usáid a bhaint as úirlisí aistriúcháin uathoibríoch.

San Aontas Eorpach, tá maolú i gceist maidir le haistriúcháin na Gaeilge. Míníonn é seo nach gcaithfidh an Aontais Eorpach gach doiciméad oifigiúl a aistriú go Gaeilge, i ndairíre. Ach beidh deireadh curtha leis an maolú seo i 2022. Ón bpointe sin amach beidh éileamh mhór ar aistreoirí na Gaeilge – agus is dócha go mbeidh éileamh ar áiseanna aistriúcháin ar nós Tapadóir chomh maith.

Tá an tionscadal teicneolaíochta seo idir láimhe ag taighdeoirí agus saineolaíocht in ionad taighde ADAPT, suite in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá comhpháirtíocht idir ADAPT, Fondúireacht Eolaíochta Éireann agus taighdeoirí eile. Cuirtear béim ar thionscadal nua a bhunú, a bhfuil bainteach le hanailís ar na meáin shóisialta, logánú, inneachar agus na meáin nua-aimsearthangan in éineacht le foghlaim foirmiúil agus neamh-fhoirmiúil a éascú.

Is uirlis thar a bheith reabhlóideach le haghaidh dóibh siúd ag obair leis an nGaeilge é ‘Tapadóir’. Cuireann sé go mór le cé chomh tapa is a bhfuil duine in ann cáispéisí á aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Glacann sé páirt croí-lár i gcóras atá i bhfeidhm sa chomhlacht nó Roinn cheana féin – mar shampla, i dtaobh an líon costas agus cruinneas an aistriúcháin a bhfuil mar thoradh as. Thug aistritheoirí in DAHG aiseolas an-dhearfach do thaighdeoirí in ADAPT tar éis an teicneolaíocht nua a thrialladh le déanaí ag tá foghlaimíonn Tapadóir ón stíl aistriúcháin atá acu tar éis tamaill a chaitheamh ag déanamh an obair.

Ach ní stopann Tapadóir ag an nGaeilge. Bíonn aistriúcháin uathoibreach i gceist go minic i dteangacha eile timpeall na cruinne, go háiríthe sna teangacha móra, cosúil leis an bhFraincis agus an Ghearmáinis. Aidhm amháin atá ag an tionscadal digiteach seo ná háiseanna cosúil le haistriúcháin uathoibreach a chur ar fáil do lucht labhartha na mionteangacha, go háiríthe an Ghaeilge sa chás seo. Beidh an teicneolaíocht in úsáid ag daoine fostaithe ag an Rialtais sa tír seo agus ag aistritheoirí faoi stiúir ag an Aontas Eorpach. Déanfar uasdátú ar an gcorpas in úsáid sa teicneolaíocht nua seo go minic, chun chinntiú go bhfuil an stór focal cruinn agus i gceart. An rud is mó atá de dhíth ag córas aistriúcháin uathoibríoch cosúil le Tapadóir ná data – agus is é an ábhar is mó atá i gceist ná corpais dhátheangacha a bhfuil den cheád caighdeán.

Chuaigh Meghan Dowling, céimí ríomheolaíocht agus an Ghaeilge i gColáiste Tríonóide, agus í ina cuntasóir taighde ar an bhfoireann Tapadóir in ADAPT anois, chuig an Pholainn, chun cur i láthair a dhéanamh faoin teicneolaíocht:

“Is teanga beo í an Ghaeilge, atá á úsáid sa ré dhigiteach agus mar gheall ar sin, caithfidh áiseanna teicneolaíochta a bheith ann di. Leis an obair seo, bhí muid ag iarraidh áis úsáideach a chruthú do aistreoirí gairmiúla na Gaeilge agus tá muid an-sásta leis na torthaí agus an aiseolais a bhfuireamar.”

Chuir Meghan alt faoin tionscadal Tapadóir chun cinn ag an gcomhdháil in Poznan anuraidh, ag déanamh cur síos ar na hiarrachtaí déanta chun an Ghaeilge a spreagadh timpeall na cruinne tríd an teicneolaíocht nua agus uirlisí nua-aimseartha.
Cuireadh modúil eile leis an uirlis aistriúcháin seo chun déileáil leis an ghramadach sa Ghaeilge. Tagann laghdú ar bhotúin ghramadaí tar éis an uirlis seo a chur i bhfeidhm. Cuireann na taighdeoirí in ADAPT béim ar an gcaighdeán Gaeilge maidir le Tapadóir agus iad ina nGaeilgeoirí freisin, mar shampla, ceartaíonn an chóras na botúin seo a leanas: ‘le mé’ go ‘liom’, ‘le an bean’ go ‘leis an mbean’, agus mar sin de
Dúirt an Dr. John Judge an méid seo faoi na feabhsúchán seo:
“Leis an obair seo le teicneoilaíocht dhigiteach, tá ár bhfoireann ag cuir cumas ar chruthaíocht níos éasca áiseanna dhigiteacha na Gaeilge. Dearbhaíonn é seo stádas an teanga mar an céad teanga náisúnta agus chomh maith leis sin, feabhsaíonn sé cumas an saoránach gnó a dhéanamh leis an Stáit trí Ghaeilge. Ag an am céanna, feabhsaíonn sé an táirgiúlacht agus cuireann sé laghdú ar an gcostas a bhaineann le seirbhisí phoiblí trí Ghaeilge.”
De réir scrúdú le déanaí, tagann torthaí agus aistriúcháin i bhfad níos cruinne ó Tapadóir in aghaidh Google Translate agus é fós ag fás agus ag feabhsú. Tá sár-obair déanta ag Tapadóir agus le teacht 2020, nuair a stopann an maolú san Aontas Eorpach, beidh muid ag braith ar an teicneolaíocht seo ach go háirithe chun an Ghaeilge a dhéanamh go hiomlán oigifigiúil agus ar an gcaighdeán is feidir a bheith muiníneach as.

Áine Marie Monk

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.