Ón bpáirc imeartha chun na hAstráile

“It’s unreal, it’s a dream come true, I know it’s a cliché but it is 100 per cent true – I’ve always dreamed of being a professional sportsman.”
Sin na focail a dúirt Colin O Riordan nuair a shínigh sé conradh chun peil Astrálach a imirt le Sydney Swans i mí Dheireadh Fómhair an bhliain seo caite.
Dúirt Kinnear Beatson, a bhfuil i gceannas ar an earcaíocht don chlub le haghaidh an foireann, go bhfuil siad iontach sásta go bhfuil O Riordan mar bhaill de na ‘Swans’ anois. “Colin came to the club early this week for trial and had a training session with members of our academy where he instantly impressed us.’
Ní hé O Riordan an t­aon imreoir amháin a bhfuil aistriú den saghas seo déanta aige. Níl sé ach ainm ar liosta fada d’imreoirí a bhfuil imithe ann chun an taithí nua a fháil le Cumann Peile na hAstráile.
Thosaigh ‘Triail na hÉireann’ nó ‘The Irish Experiment’ i rith na 1980idí agus ba thionscadal neamhfhoirmiúil é ag Melbourne Football Club ach in ainneoin cúpla imreoirí ar nós Jim Stynes, níor éirigh leis go dtí na 2000idí, nuair a bhí Tadhg Kennelly earcaithe le Sydney Swans tríd a liosta amaitéareach. Bhí sé an­rathúil mar imreoir AFL, toisc gur bhuaigh sé cluiche ceannais AFL agus ba é an chéad Éireannach chun bonn phríomhroinne a bhaint amach sa bhliain 2005.
In éineacht leo, shocraigh imreoirí ar nós Ciarán Kilkenny ó Bhaile Átha Cliath go raibh sé ag imeacht chomh maith. Shínigh sé conradh leis an bhfoireann Hawthorn i rith 2011 ach tar éis ceithre mhí, tháinig sé abhaile ar chúiseanna pearsanta chun a ghairm a leanúint le Baile Átha Cliath agus a chlub, Caisleán Cnucha. I ráiteas tar éis, dúirt Kilkenny gur bhain sé taitneamh as a thaithí san Astráil agus ghabh sé buíochas le Hawthorn as ucht an deis a fháil a bheith ina lúthchleasaí profeisiúnta. “As much as I enjoyed the lifestyle of a professional Aussie Rules player and relished the challenge of achieving in a different code, I realised that it would never matter as much to me as the sense of community and joy I get from togging out and playing alongside the people with whom I grew up and live.”
I rith 2007 agus 2008, labhair Jim Stynes agus Tadhg Kennelly go poiblí faoin meadú i ngníomhaíochtaí earcaíochta, mar thosaigh go leor clubanna ag
seoladh spotálaí tallainne chun féachaint ar imreoirí CLG. In éineacht le sin, bhunaigh bainisteoir agus imreoir AFL,Ricky Nixon, líonraí earcaíochta in Éirinn chun cur leis na clubanna le imreoirí Éireannacha cheana, mar shampla Collingwood, Carlton agus Brisbane Lions. Labhair Uachtarán an CLG, Nicky Brennan in aghaidh gníomhaíochtaí earcaíochta i mí Mheitheamh 2008. Bhí go leor díospóireachtaí idir an CLG agus AFL faoi theorainneacha a chur ar earcaíocht imreoirí.
Le linn 2008 chomh maith, foilsíodh alt ag Cillian De Búrca ag caint faoin nasc idir peil na hAstráile agus an Cumann Lúthcleas Gael. Bhí scaradh cinntí idir Kevin Sheedy, bainisteoir ar fhoireann idirnáisiúnta na hAstráile agus Mickey Harte, bainisteoir Thír Eoghain. Deir Sheedy nach gá do mhuintir na hÉireann a bheith buartha ar chor ar bith, ag rá, cé go tharlaíonn an aistriú anois is arís, nach bhfuil sé chun a bheith rialta in aon chor.
Ar an taobh eile, bhí Mickey Harte á rá gur chóir don CLG gach ceangal atá aige le peil na hAstráile a ghearradh. Tá sé in am dúinn díriú ar ár gcluichí féin. Is gá dúinn a bheith ag spreagadh daoine na cluichí Gaelacha a imirt, níor cheart dúinn nasc ar bith a bheith againn le AFL.
In ainneoin go raibh Setanta Ó hAilpín ag éirí go maith le Carlton, tharla laghdú i suim earcaíochta le go leor imreoirí ag cur a gcuid conarthaí ar ceal agus ag filleadh ar ais go hÉireann i rith 2010.
Ó shin, d’imigh imreoirí mar shampla: Ciarán Byrne, Contae Lú, Cian Hanley, Contae Mhaigh Eo agus Paddy Brophy, Cill Dara go dtí Carlton, Brisbane Lions agus West Coast Eagles faoi seach idir 2013 agus 2014 agus tá siad go léir amach ansin fós.
Ciara Ní Chába

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.