Iomaíocht géar le teacht sa sraith iomána

Mar eol do gach leantóir spóirt in Éirinn, tá an Corn Liam Mac Cárthaigh aimsithe ag Cill Chainnigh ceithre huaire le cúig bliana anuas. In ainneoin an éacht iontach seo, tá sé fós thar a bheith deacair tuar a dhéanamh maidir leis an bhfoireann is fearr sa tír faoi látháir.

Mar thoradh ar an bhformáid nua, tuigeann gach foireann anois gur mór an seans atá acu cluiche ceannais náisiúnta a bhaint amach go luath sa bhliain. Tá sé foirne i sraith a haon agus cáilíonn an chéad ceithre foirne don chluiche ceathrú ceannais.

De réir na geallghlacadóirí, is iad na Cait an fhoireann a bhfuil, is dócha, chun greim a bhreith ar an teideal arís. Níl Seamróga Baile hÉil, nó club eile ar bith as Chill Chainnigh fós in iomaíocht i
gcluichí ceannais na gclubanna, agus mar sin is cás neamhghnách é go mbeidh rogha iomlán de
imreoirí ar fáil do Brian Cody. Mar sin féin, is míbhuntáisté é nach bhfuil Richie Power agus Ger Aylward ar an bhfoireann níos mó. Ba sarimreoirí iad agus beidh sé deacair teacht ar ionadaí a bhfúil ar an leibhéal céanna sin ó thaobh scíl is díograis de.

Bhí fíor-dhíoma ar Thiobraid Árainn gur theip orthu bua a bhaint amach i gcoimhlint ghéar in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann an Lúnasa seo caite. Seachas Darren Gleeson agus Séamus Callanan, a thug taispeántas iontach, dochreidte, ní raibh a nimreoraithe in ann an lámh in uachtar a fháil ar na seaimpíní. Tá an-tasc ar Michael Ryan chun muinín a chothú ina imreorí.

Tá dúshlán mór roimh bainisteoir nua eile, Mícheal Donoghue i gContae na Gaillimhe. Ceapadh é mar bhainisteoir, i ndiaidh stailc ón imreoirí in aghaidh Anthony Cunningham. Go
hiondúil, streachlaíonn said go mór an bhliain tar éis Cluiche Ceannais na hÉireann a shroichint, agus is cosúil go mbeidh an méid seo fós fíor i mbliana.

Foireann a dhearna dul chun cinn ar fheabhas anuraidh ná Port Láirge. Tá Austin Gleeson i
mbarr a réime d’Institiúid Teichneolaíochta Phort Láirge i gCorn Mhic Giobúin agus tá
Pauric Mahony ag teacht i mbarr sláinte arís i ndiaidh a bhallnasc croiseach a ghortú.
Chreidfidh siad go mbeidh siad in ann Sraith Iomána Náisiúnta a chosaint go ráthúil.

Is dubhfhocal iad na Corcaíoch, tríd is tríd. Tá tosaithe le scil ar a dtóir acu, le cumas meallacach, mar a chonaiceamar in aghaidh an Chláir anuraidh. Ach, ar an láimh eile, thug said taispéantas a
chuirfeadh alltacht ar a lucht leanúna in aghaidh Contae na Gaillimhe he anuraidh. Tá ar Kieran
Kingston cosaint níos láidre a chur le chéile mar bhunús dá fhoireann.

Tá dúshlán mar an gcéanna roimh Ger Cunningham leis an bhfoireann iomána Báile Átha Chliath. Tá cumas go leor acu, ach níl said ábalta é a léiriú go leanúnach. B’é Danny Sutcliffe an réalt ba chorraitheach, ach d’fhógair sé i mí na Nollaig nach mbeidh sé ag caitheamh geansaí iománaíochta Baile Átha Cliath i mbliana mar go bhfuil sé ag iarraidh a haird a dhiriú ar a chuid staidéir. Tá dualgas ag imreoirí ar nós David Tracey greim a bhreith ar stadas mar an tosaí is fearr. Tá an-fheabhas le teacht ar Bhaile Átha Cliath chun dícháiliú a sheachaint.

I roinn 1B, is léir go mbeidh an-streachailt idir na Muimhnigh – Luimneach agus An Clár.

Tá foireann Luimnigh i bfhostú I Roinn 1B ó 2010. Tá imreoirí ar ardchaighdéan acu agus tá a lucht leanúna i mbarr spioraid i ndiaidh a mbua i gcomórtas fé-21 anuraidh, agus rath Na Piarsaigh ag an deireadh seactain. Má éiríonn leo beirt tosaithe a chur i bhfeidhm i mbliana,b’fhéidir Barry Nash agus Tom Morrissey, beidh sé fíor-dheachair stop a chur leo.

Tá ar Davy Fitzgerald stíl iománaíochta ó 2013 a athaimsiú i measc a imreoirí Is dream
an-tallanach iad agus tá tosaíthe an-bhaolach is tapa acu. I ndiaidh dhá bhliain lán le díomá beidh siad ag súil le taispéantas i bhfad níos fearr i mbliana.

Paddy Lynch

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.