Polasaíthe Polaiteoirí

Dúirt an Bainisteoir Cosaint Teanga agus Leas Ard-Rúnaí ag Conradh na Gaeilge go raibh an-díoma air go bhfuil an Díospóireacht na gCeannairí a bhí socraithe ag TG4 anois curtha ar ceal.
Dúirt Peadar Ó Fhlannchadha go raibh siad ag súil leis an díospóireacht. ‘Tarraingíonn sé aird ar an nGaeilg agus cé chomh tabhactach is atá an teanga.’
Dúirt Ó Fhlannchadha freisin go raibh lucht féachana ollmhór ag an diospóireacht a bhí ar siúl i 2011 agus mar sin, is mór an trua é nach bhfuil sé ar siúl i mbliana. Bhí Eamon Gilmore ó Labour in éineacht le Joan Burton agus Enda Kenny pairteach sa díospóireacht ceithre bhliain ó shin agus ag an am, moladh iad mar gheall ar an bpaisean agus an líofacht a thaispeáin siad.
De réir foinsí eagsúla sa nuacht faoi láthair, is léir go bhfuil an díospóireacht anois curtha ar ceal os rud é nach bhfuil Gaeilge maith go leor chun a bheith ag cur is ag cúiteamh ag cuid de na ceannairí. Tá fhios againn go bhfuil Gaeilge líofa ag an Taoiseach Enda Kenny agus ag Michéal Martin ó Fianna Fail ach dúirt Labour agus Sinn Féin nach mbeadh Gaeilge ag Joan Burton agus Gerry Adams a bhfuil ar an gcaighdeán chun díospóireacht a dhéanamh faoin toghchán agus a gcuid polasaithe.
Dúirt Aodhán Ó Ríordáin ó Labour go mbeadh sé sásta an díospóireachf a dhéanamh ar son Burton agus luaigh Sinn Féin Pearse Doherty go mbeadh sé in ann áit Gerry Adams a thógáil ach dhiúltaigh Fianna Fáil é seo mar cheap siad gur cheart go mbeadh díospóireacht na gceannairí idir ceannairí amháin.
Cheap Ó Fhlannchadha go raibh sé suimiúil nach raibh Adams sásta an díospóireacht a dhéanamh: “Deireann go labhraíonn Gerry Adams an méid is mó Gaeilge idir na hiarrthóirí uilig ach ag an am céanna, ní raibh siad compoirdeach é a dhéanamh. Go hiondúil, ní labhraíonn Kenny as Gaeilge ach amháin nuair atá ceist curtha aige as Gaeilge ach labhraíonn Gerry Adams Gaeilge go minic.”
“Tuigimid nach mbeadh siad sastá é a dhéanamh muna bhfuil siad compoirdeach mar is díospóireacht an-tabhachtach é ach is mór an trua é, cinnte ”
In áit díospóireacht a dhéanamh, tá sé socraithe ag TG4 na ceannairí a chur faoi agallamh

Megan Roantree

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.