Star Wars: Brionglóid na nGlúin

Tugann Cal Ó Donnabháin léargás dúinn ar an sága a bhfuil ag cur ionadh is áthás ar dhaoine ar feadh na blianta.

Is i California, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, le linn na 70idí a chuir George Lucas dúch le páipéar don chéad uair, i ngan fios do go mbeadh sé ag spreagadh na milliún duine mórthimpeall an domhain. Stiúraitheoirí, scríbhneoirí, an t-aos óg – níl slua ann nach ndeachaigh Star Wars i ngleic ar dhuine amháin ar a laghad, agus cuirtear seo in iúl le díolacháin an saincheadúnais. Is saincheadúnas é “Star Wars” i súile lucht áirithe, ach is slí beatha é do lucht eile a d’fhás aníos leis na carachtair íocónacha seo.
Ar an 5ú Bealtaine, 1977 scaoileadh “Star Wars” ar na sluaithe, ag tuilleamh beagnach 1.6 milliún dollar roimh dheireadh na míosa. Inniu, tá luach 775 milliún dollar ar an gcéad leagan den tsraith amháin, le sé scannán eile. Cuireann sé seo an grá atá ag daoine do “Star Wars” in iúl agus tugann le fios go bhfuil lucht leanúna dílis aimsithe ag George Lucas agus a chomrádaithe, cé go bhfuil siad i réaltra i bhfad, i bhfad uainn!
Braitear go bhfuil “Star Wars” chomh mealltach do dhaoine toisc nach bhfuil aon cine áirithe curtha i bhfeidhm ar an lucht féachana, go bhfuil an scéal ‘idir-réaltrach’ gan chine! Feictear Harrison Ford mar Han Solo agus é ina chugascach, Samuel L. Jackson mar Mace Windu agus é ina bhall den chine gorm chomh maith le réimse leathan d’orgánaigh éagsúla ón chine daonna le feiceáil. Ligeann “Star Wars” don lucht féachana éalú ó thrioblóidí an domhain agus marachtáil sa chruinne ina bhfuil an t-aon difríocht idir dhaoine an taobh ar ag a bhfuil a ndílseacht, idir an taoibh dhorcha agus an taobh geall.
Cé nach bhfuil aon chine amháin mar an gcine alfa, bhí go leor conspóide ann le déanaí i dtaca leis an scannán nua, “The Force Awakens”, nuair a rinne beirt “troll” ar an idirlín iarracht baghcat a chur i bhfeidhm toisc go raibh John Boyega, aisteoir gorm, fostaithe ina phríomh-charactar. Gan a n-ainm a thabhairt, d’éirigh leo treochta a chruthú, ag rá le daoine gan ticéidí a cheannacht le haghaidh an scannán nua. Tosaíodh ar Twitter an feachtas seo leis an haischlib ‘#BoycottStarWarsVII’ nuair a rinne an cuntas “End Cultural Marxism” iarracht é a chur in iúl go raibh an scannán mar bholscaireacht frith-Chugascach cruthaithe ag an nGiúdach Cugascach, J.J. Abrams, stiúraitheoir an scannáin. Níor éirí leis an bhfeachtas a sprioc iomlán a bhaint amach agus feictear ar Twitter nach daoine ag tabhairt tacaíocht don feachtas iad atá ag tvuíteáil na haischlibe seo ach daoine ag spocadh aisti agus á cheistiú.
Braitheann scannán nach mor ar méid na háibhéile i leith a bhfoilsithe agus níl “Star Wars: The Force Awakens” ina eisceacht. Tagtha chun na n-amharclann ar an 17 Nollag, bhí ocras an luchta leanúna ag teacht go pointe sáithithe le deich mbliana imithe ón scannán deireanach, agus foilsíodh “Star Wars: Battlefront” ar an 20 Samhain chun dul i ngleic ar an éileamh seo. Faoi láthair tá an stiúideo “Dice”, a chruthaigh an cluiche, agus a fhoilsitheoirí, EA, mar chúis feirge i measc lucht na gcluichí riomhairí toisc “nár foilsíodh cluiche iomlán ach leath chluiche agus cuid eile gur gá duit a cheannach ar chaoga euro sa bhreis”. Tá sé ceaptha go ndéanfadh sé seo damáiste do dhíolacháin ticéid an scannáin tagtha um Nollaig, ag dul sa mhalairt treo de chéad smaointe Disney, go gcuirfeadh sé le díol na dticéad.
Le déanaí tá an sraith “Star Wars” tagtha faoi spotsholas an domhain agus ní ar son na cúiseanna cearta ach an oiread, ach maireann sé i gcroíthe na mbuachaillí agus cailíní a raibh tógtha leis ina n-óige, in ainneoin go raibh a ainm scriosta go mór ag Disney roimh foilsiú a gcéad scannán. Níl sé soiléir an bhfuil dóchas ag na daoine seo a raibh chomh tógtha leis an gcéad trí scannán, ach is léir go raibh ó dhíol na dticéad agus na hathbhreithnithe dearfacha ina leith.
In ainneoin go bhfuil clú an saincheadúnais i gcontúirt, is gá go bhfuil ní éigin cóir ar siúl ag lucht “Star Wars” toisc go bhfuil sé linn le beagnach dhá scór bliain anois!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.