Gaeilge gan stró, Gaeilge i ngnó.

Ní haon ionadh go raibh an cheist seo ar intinn agam i rith na seachtainí beaga anuas agus mé tar éis post nua a fháil i siopa ollmhór éadaí. Cén fáth nach dtugadh an stádas céanna do Ghaeilge sna háiteanna oibre a bhíonn á bhronnadh ar theangacha eile Eorpacha, cosúil leis an Fhrancis nó an Ghearmáinis?!

Má’s rud é go bhfuil tú in ann teanga a labhairt go líofa mar a deir do CV, níos minice ná a mhalairt cuirfear ceist ort faoin scil fíor-úsáideach sin ar dtús in agallamh agus tú ag lorg fostaíochta. Ní minic a chuirtear ceist faoin Ghaeilge ar dtús seachas má tá tú ag baint céim amach inti go luath.

Moltar teangacha aduaine nó dúchasacha, ag braith ar an áit, a usáid agus an deis a thabhairt don phobal agus do na custaméirí ar fad, a dteangacha féin a labhairt agus iad ag iarraidh táirgí a cheannach ann. Céard a tharlóidh má théann duine éigean chuig siopa nó comhlacht nó gnó ar bith ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh leis na hoibrithe trí mheán na Gaeilge?

Ba í an Ghaeilge an 23ú teanga oifigiúil ceaptha san Aontas Eorpach. I nDeireadh Fómhair 2011 a tháinig an t-athrú seo i bhfeidhm go dlíthiúil. Costas €3.5 milliúin Euro atá ar an athrú seo chuile bliain, ach ní féidir linn í a labhairt go laethúil inár áit oibre.

Deirtear go bhfuil níos mó ná 40% den daonra cónaithe in Éirinn in ann an mionteanga a labhairt. Mar sin, cén fáth nach bhfuil áiseanna níos nua-aimseartha ,ná atá faoi láthair, curtha ar fáil anois in ionad sa todhchaí?

Smaoinigh mé ar an bhfíseán ‘Yu Ming is ainm dom’ agus meon na ndaoine ar laethanta saoire in Éirinn, b’fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeilge a chloisteáil agus í a labhairt, ach nuair a thagann siad, ní chloistear ach Béarla agus ‘cúpla focal’. Nach mbeadh sé níos fearr ár dteanga féin a chur in úsáid agus ár gcuid féiniúlacht a thaispeáint go bhródúil arís?

Áine Monk

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.