Gaeilge le Glam

Tá an neart blaga ar an idirlinn faoi lathair, agus go sonrach, raidhse blag faisin agus áilleacht.. Mar sin tá sé an-deacair seasamh amach ón slua agus tú ag scríobh do cheann féin.
Ní raibh aon fhadhb áfach, ag ceathrar múinteoir as Gaillimh nuair a thosaigh siad a mblag ‘Gaeilge le Glam’ ; ceann go an t-aon blag faisin and áilleacht scriobtha go h-iomlán in ar dteanga náisiúnta.
Thosaigh Roseann Uí Fhlatharta, Gearóidín De Bhailís, Aisling Ní Chormaic agus Síofra Ní Bhriaina an blag tóir seo i mí Lúnasa agus chéan fein tá os cionn trí mhíle de lucht leanúna acu ar Facebook .Labhraíonn an ceithre cailini ón gceathair rua faoi gach rud atá suim acu iontu, ó mbutaisí go dtí Bikram agus ón oidis go dtí eadaí, tá na cailiní ag clúdaigh an iliomad topaicí.

Bhí deis agam labhairt le Siofra le gairid chun an tionscnamh Gaeilge le Glam a phlé.

‘Tá muid ar fad ag leanúint blagálaithe agus daoine mar iad le bliain anuas, daoine ar nós Edel Cox ó The Beauty Dial agus Orla Sheridan. Thug muid faoi deara go raibh ‘niche’ anseo dár dteanga mar go bhfios dúínn níor tháinig muid trasna ar aon bhlagálaí Gaeilge eile. Ag tús mí Lúnasa chuir Síofra glaoch orainn ó Mheiriceá ag cur ceiste orainn an mbeadh suim againn i mblag a bhunú trí mheán na Gaeilge.’ Míníonn Siofra, nuair a d’iarr mé orthu cé a tháinig suas leis an smaoineadh i dtosach. ‘Is cairde muid a oibríonn le chéile chuile shamhradh i gcoláiste Gaeilge agus tá suim againn i réimsí éagsúla ach an paisean is mó atá againn ná an faisean, agus níl aon bhealach níos fearr chun an faisean a phlé ná trí mheán na Gaeilge’ Deirionn sí go magúil

Cosúil le aon tionscnamh nua, ceapainn Siofra go raibh siad neirbhíseach ach go raibh neart sceitimíní ann freisin. ‘Ba mhaith linn a thaispeáint gur féidir na rudaí céanna atá na blagálaithe eile a dhéanamh, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus tuigimid anois go bhfuil spás ann do Gaeilge Le Glam.’

Leanann Siofra ar aghaidh ag rá go raibh sí an-tógtha leis an aiseolas iontach a bhfuair siad. “Caithfimid a rá go raibh muid ag súil go mbeadh tacaíocht againn ó Ghaelgoirí na tíre agus ó bhlagálaithe eile freisin. Ach níor thuigeamar go mbeadh gaelgóirí, blagálaithe agus foghlaimeoirí na Gaeilge chomh flaithiúil leis an tacaíocht is atá! Tá muid thar a bheith buíoch dóibh ar fad.”

Cé go bhfuil an scriobhneoireacht an rud is fearr a thaithníonn le cuid is mo de leitheoirí, is é an cairdeas (agus bhfeidir an siopadaireacht!) an rud a thaithnionn le na cailiní “is cairde muid ar fad agus tugann an blag seo gach deis dúinn an cairdeas sin a fhorbairt agus muid ag tabhairt aghaidh ar an aistear dochreidte seo atá amach romhainn. Agus dar ndóigh tugann sé leithscéal dúinn a bheith ag siopadóireacht agus muid ag coinneáil suas chun dáta ar chúrsaí faisin. Ár bpócaí bochta”

Ó thosaigh an bhlag tá neart deiseanna iontach faite ag an grupa cairde ‘tá mír againn ar chlár raidio Bláthnaid Libh a bhíonn ar siúl ar Raidió na Gaeltachta idir 11-12 gach Satharn. Agus luaigh Holly Shortall ‘Gaeilge Le Glam’ ar a ‘Hot List’ an deireadh seachtaine beag seo san Independent. Tá sé seo dochreidte agus gan muid ach dhá mhí ar an bhfód.”

Tá Gaeilge le Glam ag dul ó neart go neart agus nil siad ach ag tosnu amach, agus tá neart plean acu fós,ach na cuir ar na cailiní, mar a deartar déanann ceann ciallmhar béal iata’.

Megan Roantree

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.