Mo thaithí mar chinnire

Roghnaigh mé an cúrsa Gaeilge agus Iriseoireacht toisc go bhfuil grá mór agam don teanga agus bhí mé ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Áfach, tar éis dhá bhliain caite ar an ollscoil á stáidéar, d’fhoghlaim mé gurb í an Ghaeltacht an áit is fearr chun é seo a dhéanamh.
Mar chuid den mhodúl ‘Taithí Ghaeltachta’ a bhí idir lámha agam i rith an dara seimeastar i mbliana, bhí orm ocht seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé in ann dul chuig an áit is fearr liom ar domhain, Conamara. D’oibrigh mé i gColáiste Lurgan don tréimhse seo agus bhí taithí iomlán difriúl agam an samhradh seo i gcomparáid le blianta eile.
I gColáiste Lurgan, d’oibrigh mé mar chúntóir. Is é an post is mó a bhí agam i rith an lae ná dul timpeall ag caint leis na scoláirí chun a muinín a mhéadú ag caint Gaeilge agus an teanga a spreagadh sa choláiste. D’fhan mé i dteach lóistín le cailíní idir trí bhliain agus seacht mbliana déag d’aois. Bhí mé cosúil le deirfiúr níos sine dóibh.
Bhí daoine áitiúla ag obair ar na cúrsaí chomh maith, go leor dóibh ar an aois céanna liomsa agus bhí mé cairdiúil leo. Bhíomar le chéile gach lá ag crochadh thart, ag caint agus ag comhrá. Sa teach lóistín, bhí mé ag caint leis an mbean an tí agus a comhluadar gach lá agus mar sin, chabhraigh sé seo le mo Ghaeilge labhartha agus mo mhuinín. Bhí mé ag foghlaim ag an am céanna toisc go raibh mé ag caint le cainteoirí duchais.
Le linn an tsamhraidh, thug mé faoi dheara gur tháinig feabhas beag ar mo chuid gramadach agus mo bhlas freisin toisc gur phioc mé cúpla rudaí suas ó na daoine aitiúla. Ar ndóigh, foghlaimím go leor sna léachtaí atá agam ar an ollscoil ach i mo thuairim, tá sé níos éasca rudaí a phiocadh suas go nadúrtha in áit cosúil leis an Gaeltacht mar labhraítear Gaeilge mar chéad theanga thíos ansin agus tá sé níos neamhfhoirmiúil.
Deirtear go bhfuil níos mó Béarla labhartha i gcoláistí áirithe ach i mo thuairim, braitheann an méid atá foghlamtha ag an duine ar an méid iarracht atá curtha isteach acu. Ar ndóigh tá sé níos éasca domsa é seo a rá toisc go raibh mé fostaithe ann agus bhí mé ann mar go raibh mé ag iarraidh Gaeilge a labhairt.
Tá na daltaí ag foghlaim i ngan fhios dóibh freisin mar go bhfuil siad ag labhairt le daoine sna siopaí áitiúla agus an bean an tí agus uaireanta, ní thugann siad faoi deara go dtí go bhfuil an nath cainte sin cloiste acu in áit eile ar nós ar scoil.
Molaim cúrsaí Gaeltachta do dhaoine óga toisc go bhfuil go leor buntáistí ag baint leo. Mar shampla; cabhraíonn sé go mór le muinín roimh na scrúduithe cainte sa tríú bliain nó an séú bliain; go háirithe mar gheall go bhfuil an scrúdú cainte ag dul le haghaidh ceathracha faoin gcéad don Ardteist. Buaileann siad le daoine nua an t-am ar fad agus do scoláirí Coláiste Lurgan, bíonn an t-ádh orthu páirt a ghlacadh sna físeáin a bhíonn ar siúl acu gach bliain.
Tá taithí iomlán difriúl acu toisc go bhfuil siad as baile ar feadh trí seachtain ina aonair chomh maith agus foghlaimíonn siad go leor futhú féin freisin. Don chuid is mó dóibh, tagann siad abhaile ón Gaeltacht le grá acu don Ghaeilge agus cabhraíonn sé leo í a fhoghlaim sa seomra ranga ar scoil toisc go bhfuil suim acu ann seachas í a fhoghlaim toisc nach bhfuil an dara rogha acu.
Ó mo thaithí féin, sin cad a tharla domsa nuair a chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht le linn an tsamhraidh roimh m’Ardteist. Bhí sé i gcónaí mar an t-aon ábhar go raibh mé ag iarraidh stáidéar a dhéanamh air sa séú bliain mar gur thaitin sé go mór liom. Tá sé mar chuid den chúis go raibh mé ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Gaeilge san ollscoil chomh maith.
Mar fhocail scoir, tá a fhios ag gach duine go bhfuil na cúrsaí Gaeltachta seo cineál daor uaireanta ach is fiú dul má tá sibh ag iarraidh feabhas a chur ar bhur gcuid Gaeilge!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.