GaeilgeChat idir Gaeilgeoirí

‘Beatha teanga í a labhairt.’ Is beag Gaeilgeoir nach úsáideann an seanfhocal seo agus iad ag déanamh a ndícheall leas a bhaint as an teanga i ngach áit – sna scoileanna, sa choláiste, san ionad oibre is a leithéid.

Ach, is fíor le rá go bhfuil áit amháin a bhfuil sort fágtha amach i measc na Gaeilgeoirí maidir leis an ‘riail’ seo. Áit ina bhfuil, b’fhéidir, an chuid is mo den gcumarsáid is comhrá déanta sa lá atá inniu ann – na meáin shóisialta.

Cinnte, is féidir do chuid Facebook a athrú go dtí ár dteanga naisiúnta. Is féidir teacht ar ghrúpaí áirithe sna cúinní beaga den idirlín chun topaicí ag baint leis an teanga a phlé. Ach ag deireadh an lae, tá ort a adhmáil go bhfuil sé deacair teacht ar an ‘ngnáth Gaeilgeoir’ – a bhfuil díreach ag iarraidh an Gaeilge a labhairt, faoi thopaic ar bith.

Is í Úna-Minh Caomhánach a d’aithin an easpa seo i mbliana. Ceimí OCBÁC sa Ghaeilge agus Iriseoireacht, is díreach mar gheall ar an dúil seo Gaeilge a chur in úsáid ar Twitter a chum sí an haischlib ‘GaeilgeChat’.

‘Chím an haisclib “edchatie” in úsáid go minic ar Twitter – labhraíonn siad faoi staid an oideachais.’ a mhiníonn Úna. ‘ Fuaireas an spreagadh chun GaeilgeChat a chruthú mar ní raibh aon áis ann dúinn tvuíteáil as Gaeilge – cinnte is féidir linn an Ghaeilge a úsáid gach lá más mian linn ach uaireanta ní bhíonn deis again labhairt le daoine eile’ ar sise.

Le níos mó ná 5,000 leantóirí ag Úna ar Twitter, chuir sí GaeilgeChat in úsáid don chéad uair i mí Bhealtaine. Tá córas simplí i gcéist – gach Luan, is feidir dul i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile diréach má chríochnaíonn tú do chuid tvuít leis an haischlib ‘#gaeilgechat’.

Is feidir gach duine a bhfuil ag iarraidh an cúpla focal a tvúiteáil páirt a ghlacadh, dar le Úna. ‘Bíonn meascán de fhoghlaimeoirí agus daoine atá go hiomlán líofa. Bímíd cabhrach, agus ceapaimse gur lucht sibhialta muid mar nílimid ró-bhuartha faoi bhotúin.’

Níl aon dabht ach go bhfuil GaeilgeChat thar a bheith réabhlóideach i dtaobh na teanga ar líne de. Aithníonn Úna gur rud nua a bhfuil tosáithe aici agus nach bhfuil mórán áiseanna oifigiúla de dhith. ‘Mór an trua [nach bhfuil mórán áiseanna ar líne] -b’fhéidir nach bhfeiceann an rialtas cumhacht na meán shóisialta chun an Ghaeilge a chosaint?’

Pé scéal é, is léir go bhfuil GaeilgeChat ag dul ó neart go neart, le níos mó daoine ag baint leas as gach seachtain, ag plé gach sort topaic ó laethanta saoire go meabhairshláinte.

Tugann Úna cuireadh chuig gach Gaeilgeoir taitneamh a bhaint as – ‘Ba bhreá liom níos mó daoine a fheiceáil ar Twitter le Gaeilge ach uaireanta bíonn faitíos ar daoine faoina gcaighdeán – ach mar a dúramar, is cuma linn!’

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.