Chuaigh Feisire Éireannach de chuid Parlaimint na hEorpa, Liadh Ní Riada, ar stailc teanga ar feadh seachtaine mar agóid in aghaidh, ina cuid focal féin, an t-idirdhealú i gcoinne a teanga dúchais laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh agus an “díchóimeáil” ar chuid seirbhísí Gaeilge ón rialtas i mBaile Átha Cliath.
Toghadh Liadh Ní Riada, ó Sinn Féin, do Pharlaimint na hEorpa i mí Bealtaine an bhliain seo chaite. Ainmníodh í mar Phearsa na Bliana de Pharlaimint na hEorpa cheanna féin.
Tá feachtasóirí do theangacha mionlacha agus réigiúnacha agus lucht tacaíochta trasna na hEorpa tar éis tacaíocht a thaispeáint do Ní Riada. Freisin, tá siad tar éis ceist a ardú leis an AE agus na ballstáit de bharr gur theip orthu a chuid tiomantais féin maidir le éagsúlacht teanga a chosaint.
Tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge mar theanga de chuid an AE i 2007. Ach ó shin is léir gur fhán sé ar an imeall mar gheall ar mhaolú, rud a chiallaíonn nach bhfuil dualgas ag institiúidí seirbhísí aistriúchán iomlána a chur ar fáil i nGaeilge, cé go bhfuil siad i ngach ceanna de na 23 teanga oifigiúil eile ag an AE.
“Nuair a d’fhógair siad ag na cóistí go raibh gach teanga ar fáil, bhí mé ag iarradh léim suas agus síos ag rá, ‘Ach amháin an Ghaeilge, ar ndóigh. Tá an stádas céanna aici agus atá ag na teangacha eile, ach tá idirdhealú ollmhór ann. Tá an Ghaeilge eisiata agus déantar neamhaird uirthi,” a dúirt Ní Riada.
Cuirtear an maolú i bhfeidhm ar dtús báire de bharr imní nach bhféadfaí Éire an líon aistritheoirí cuí a fháil chun freastal ar riachtanaisí na n-institiúidí Eorpacha. Déantar athbreithniú ar an maolú gach cúig bhliain, agus tá athnuaigh le bheith déanta air i 2017. Ní mór do rialtas na hÉireann cur isteach ar Chomhairle na nÁirí i mbliana más mian leo é an foirceannadh a sheachaint.
Le fada anuas, rinne an páirtí náisiúnta Sinn Féin feachtais chun bearta níos teannta a chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a athchóiriú mar phríomhtheanga na tíre. Dúirt Ní Riada, má cuirtear deireadh leis an maolú go d’féadfadh 188 post aistriúchán do Ghaeilgeoirí ar chostas íseal a chruthrú.
“Táimid cheanna féin ag íoc don aistriúchán de theangacha eile, cén fáth nach íoctar dár dteanga féin? Is é an éifeacht ná go ndéantar níos insroichte é do dhaoine sa bhaile go mian leo an obair a dhéanann an pharlaimint a fheiceáil na dteanga dúchais féin,” arsa Ní Riada.
Dúirt urlabhraí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacha go raibh rialtas na hÉireann “ag obair go gníomhach le hinstitiúidí an AE chun moltaí sonracha a chur le chéile ar an gcur chuige is fearr is féidir maidir leis an maolú. Cuirfidh toradh na rannpháirtíochta in iúl sna tograí in am trátha.”
Ach le deis eile againn deireadh a chur leis an maolú nach bhfuil le himeacht go dtí 2020, dúirt Ní Riada nach bhféadfadh Gaeilgeoirí na tíre fanacht níos faide.
Leave a Reply