Cuairt Uachtaránachta Lá Fhéile Pádraig – Ag léiriú an nasc idir Éireann agus Meiriceá.

Tá an bhliain ag imeacht go scioptha agus tá Lá Fhéile Pádraig eile thart cheanna féin. Is é an 17ú Márta ceann de na laethanta is tábhachtaí i rith na bliana, ní amháin do mhuintir na hÉireann ach don diaspóra ar fud an domhain. Casann an domhain glas ar feadh lá amháin agus tagann na céadta daoine amuigh ar na sráideanna chun an tír bheag seo a cheiliúradh.
Ceann de na gnéithe is tábhachtaí de chuid Lá Fhéile Pádraig le blianta beaga anuas ná cuairt Taoiseach na hÉireann chuig Uachtarán Meiriceá sa White House i Washington DC. Bíonn cuid mhór clúdach déanta ar an gcuairt seo sna meáin anseo in Éirinn agus i Meiriceá chomh maith. Léiríonn an traidisiún seo cé chomh láidir is atá an cairdeas idir Éireann agus Meiriceá agus an tábhacht a chuireann na mílte Meiriceánach, Obama san áireamh, ar a gcuid fréamhacha Éireannacha.
I mbliana thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar Barack Obama. Thug Kenny babhla seamróga do Obama mar is gnáth. Fuair an tUachtarán leabhar filíochta W.B. Yeats chomh maith in onóir comóradh 150 bliain breithe an fhile.
Creidtear gur phlé an bheirt acu na mílte inimirceach Éireannacha mídhleathacha i Meirceá.
Is sean-traidisiún é cuairt an Taoiseach go Meiriceá ar Lá Fhéile Pádraig anois. Ón tréimhse ina raibh Thomas Jefferson mar Uachtarán Mheiriceá (1801 – 1809) rinneadh iarrachtaí sa White House Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Sa naoú haois déag agus blianta luath an fichiú haois cuireadh béim ar an ócáid chun cumhacht polaitiúla na hÉireann a aithint i Meiriceá seachas ceiliúradh a dhéanamh ar na Gael-Mheiriceánaigh.
Ba é Franklin D. Roosevelt an chéad Uachtarán babhla seamróga a fháil sa bhliain 1937. Sa bhliain 1961 cuireadh an tábhacht is mó riamh ar an gcuairt Uachtaránachta. Ba é seo an chéad bhliain ina raibh John F. Kennedy mar Uachtarán Mheiriceá. Ba Ghael-Mheiriceánach agus Caitliceach é Kennedy féin, dhá rud a chur tóir mór millteanach air in Éirinn. Is sa bhliain seo a rinneadh mar thraidisiún é babhla seamróga a thabhairt don Uachtarán ar Lá Fhéile Pádraig.
Le caidreamh taidhleoireachta idir Éireann agus na Stát Aontaithe bunaithe go maith ag deireadh an fichiú haois, déantar ócáid mhór den Lá Fhéile Pádraig gach bliain sa White House. Uachtarán eile le fréamhacha Éireannacha ná Bill Clinton. Bhí an ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig is mó riamh sa bhliain 1996 i rith a thréimhse mar Uachtarán. Baineadh úsáid as an lá chun feabhas a chur ar na Trioblóidí sa tuaisceart an bhliain sin.
Anois sa bhliain 2015 tá traidisiún Lá Fhéile Pádraig ag dul ó neart go neart. Dar le Obama féin, ní leor la amháin chun an ócáid a ceiliúradh agus bíonn imeachtaí ar súil sa White House ar feadh seachtaine i rith mí Mhárta anois.
Is tábhachtach an rud é an nasc idir Éireann agus Meiriceá a aithint agus níl bealach ar bith níos fearr chun é seo a dhéanamh ná Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i Meiriceá.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.