Tá gach mac máthair tuirse traochta ag léamh scéalta agus blaganna éagsúla faoi Tinder, ach ar chuala tú riamh faoi dhaoine ag iarraidh an feidhmchlár a úsáid tríd do theanga dhúchais?!
Chaith mé seal ag lorg an fear foirfe le Gaeilge líofa ar a dtoil aige ar an bhfeidhmchlár aisteach (ach siamsúil!) seo ar feadh míosa.
Ar dtús, d’aistrigh mé mo ‘Bio’. Scríobh mé an abairt deá-shimplí seo a leanas: ‘DCU. Labhair Gaeilge liom.’ Bhí na focail sin mar ‘tráth den shaol’ domsa i dtaobh an finscéal fíorúil a bhí á chruthú agam.
Ní raibh mé ach ag iarraidh cúpla focal ó chúpla buachaillí cróga. Bhí mé ag tnúth le hábhair scrúdú na hArdteiste a léamh agus iad ag meabhrú dom nathanna cainte ón scrúdú béal a bhí curtha chuig cúl mo chloigeann agam nuair a d’fhág mé an mheánscoil.
B’fhéidir go mbeadh stór focal nua le foghlaim agam ó mo chuid ‘Matches’ a bhí ina nGaeilgeoirí, ní raibh mé go huile is go hiomlán cinnte. Smaoinigh mé ar an bhféidearthacht feidhmchlár nó slí rúnda a bheith in úsáid ag Gaeilgeoirí singile ar an idirlíon, ach níl (go fóill…)
Fuair mé an iomarca téacs tríd an fheidhmchlár leis an frása bunúsach ‘Dia duit, conas atá tú?’. Nílim ag cáineadh ná buachaillí a sheol na focail sin cé go ndearna siad iarracht Gaeilge a labhairt ach tar éis tamaill, bhí leadrán orm é sin a léamh agus stop mé ag seoladh téacs ar ais chucu.
An t-aon rud a thug mé faoi deara ná, níos minice ná a mhalairt, bhí mo chuid ‘matches’ in ann comhrá iontach spéisiúil a chruthú liom trí Ghaeilge in ionad an gnáthchómhrá a thosaíonn (agus a chríochnaíonn..) leis an ceist tipiciúil ‘What’s up?’
Bhí siad ag iarraidh fáil amach cén fáth ina raibh mé ag tabhairt faoi chéim Ghaeilge in ionad céim iriseoireachta trí mheán an Bhéarla. Ina dhiaidh sin, chuir siad an cheist chéanna nó cosúil orm ‘Do you want to work in TG4 after you graduate?’
Ní hé TG4 ná an t-aon bealach chun obair a fháil i dtaobh na hiriseoireachta Gaeilge! Mar sin, chuirtear an cheist orm faoin múinteoireacht. Ní bheidh mé ag múineadh páistí nó déagóirí sa todhchaí (ná bí suaite!).
Shíl mórán ‘matches’ nach mbeadh suim agam iontu cé nach raibh siad in ann Gaeilge a labhairt liom agus iad tar éis mo Bio a léamh agus dúirt buachaill amháin ‘If I can’t speak Irish, will I be thrown into the ‘no’ pile?’
Bhí an t-ádh dearg liom go raibh cúpla Gaeilgeoirí ag úsáid an feidhmchlár freisin agus iad ag tabhairt faoi chéimeanna éagsúla Gaeilge freisin sna hollscoileanna eile i mBaile Átha Cliath agus ó am go ham ó Maigh Nuad (nuair a mhéadaigh mé ‘Distance in Discovery Preferences’ go 40 nó 50km).
Bhain mé an-sult as an turgnamh sóisialta beag seo agus b’fhéidir go mbeidh an chéad pósadh idir Ghaeilgeoirí a d’fhorbair as Tinder eagraithe ar ball!
Leave a Reply