Tá sé le feiceáil le míonna anuas go bhfuil athrú mór tagtha ar stádas na Gaeilge in DCU. Baineann seo le go leor cúiseanna, cuir i gcás fostú Oifigigh Gaeilge, Siobhán Seoighe, an chéad uair ar fostaíodh duine sa ról seo ó bhí 2002 ann. Ní amháin an ollscoil féin atá freagrach as an athrú seo, ach Aontas na Mac Léinn s’againn fosta. Tá obair mhaith ar siúl acu siúd, i gcomhpháirt leis an Chumann Gaelach, leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas.
Mar a tharlaigh sé i mbliana thit Seachtain na Gaeilge DCU ar an chéad seachtain feachtasaíochta. Ní raibh anseo ach cuidiú do chás na Gaeilge, agus ghlac go leor iarrthóirí orthu béim a chur ar an teanga ina gcuid feachtais, agus aitheantas a thabhairt di mar gheall ar thábhacht na seachtaine úd.
Thug Cumann Gaelach DCU faoi stocaireacht a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge sular thosaigh an fheachtasaíocht. Cuireadh trí príomhaidhm faoi bhráid na n-iarrthóirí uilig go dtiocfadh leo tagairt daofa agus iad ag ullmhú na bhforógraí toghcháin, chomh maith le comhairle ar bhealaigh níos simplí Gaeilge a úsáid le linn na feachtasaíochta. Mar gheall ar an stocaireacht sin bhí tréan Gaeilge le feiceáil, ní amháin ar phostaerí na n-iarrthóirí, ach i bhforógraí toghcháin s’acu chomh maith. Ar beagnach achan phostaer bhí an focal “Vótáil” le feiceáil in áit “Vote”, rud nach raibh ann ar chor ar bith anuraidh. Ar phostaer de chuid Jordan Kavanagh, iarrthóir do ról thionólaí na léinn daonna, bhí “Béim ar an nGaeilge”, agus fiú rinne Eoin Lúc Ó Ceallaigh, iarrthór do ról oifigigh na gcumann, postaer s’aige a aistriú go hiomlán agus dhá leagan a fhoilsiú.
Bhí deis eile ins na hustings stocaireacht a dhéanamh don Ghaeilge. Labhraíonn na hiarrthóirí ar feadh trí bomaite ar cad chuige ar cheart vota a thabhairt daofa, agus ina dhiaidh cuirtear ceisteanna orthu uilig. Ag an dá sheisiúin cuireadh ceist faoi cad é a dhéanfadh siad ar mhaithe le campas dátheangach a chruthú agus pobal Gaeilge a chothú in DCU. Cloiseadh go leor freagraí suimiúla, agus ní hé nach raibh cuid mhór daofa sasúil. Labhair cuid acu as Gaeilge ar feadh cuid don fhreagra, ina measc iarrthóir do róll oifigigh leasa, Mikey Flanagan (a raibh Gaeilge mar chuid lárnach dá fheachtas), iarrthóir do ról an uachtaráin Kim Sweeney, iarrthóirí do ról oifigigh na gcumann Eoin Lúc Ó Ceallaigh agus Bríd Browne, agus iarrthóir do ról thionólaí na léinn daonna Jordan Kavanagh. I measc na ngealltanas a rinneadh, bhí iomrá ar scéim chónaithe a bhunú, seomra na Gaeilge a chruthú, níos mó aistriúchán a dhéanamh ar chaipéisí oifigiúla SU, agus comhoibriú leis an Chumann Gaelach agus Fiontar.
Beidh le feiceáil, cibé daoine a bhainfeas an tseachtain seo chugainn, an gcoinneoidh siad na gealltanais atá déanta acu ó thaobh na Gaeilge de, agus eile? B’fhéidir nach gcoinneoidh féin, ach nach maith an rud é go bhfuil traidisiún ag fás ó chean go ceann bliana go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach de na toghcháin? Thar aon rud eile, leis an mhéid Gaeilge a labhraíodh le linn na seachtaine seo, idir toghcháin agus ócáidí Sheachtain na Gaeilge, tá normálú á dhéanamh de reir a chéíle maidir leis an Ghaeilge agus ní thig leis sin ach forbairt amach anseo.
Leave a Reply