Ré an Vlag

Samhlaigh tú féin ag suí ansin i do sheomra leapa, ceamara ar siúl agat agus tusa ag labhairt leis agus ansin ag uaslódáil an físeán go YouTube. Ansin samhlaigh go bhfuil tú anois ar chainéal mór teilifíse, ag tabhairt agallamh faoin táirge is déanaí leat agus ag brath ar dhuine den lucht slándála tú a iompar ar ais chuig an carr atá ag fanacht taobh amuigh duit i measc na sluaite daoine ag iarraidh tú a fheiceáil ar feadh soicind fiú.
Sin saol an ‘vlagálaí’, saol an duine atá tar éis dul ó neart go neart ar shuíomh gréasáin YouTube. Is slí beatha é anois do na mílte daoine. Post lán aimseartha é a bheith ag déanamh taifead ar achan uile rud a mbíonn idir láimhe acu i rith an lae agus ansin a bheith ag suí síos arís agus ag labhairt leis an cheamara ina n-aonar faoi chibé ábhair.
Is coincheap é an bealach saoil seo nach bhfuil intuigthe do chuid mhór den phobal go fóill ach cinnte go bhfuil sé ag tarraingt níos mó suime, measa agus tuisceana le déanaí.
Don chuid is mó, thosaigh na vlagálaithe is rathúla timpeall cúig bhliain ó shin. Déagóirí a bhí iontu ag an am a rinne an cinneadh lá éigin go mbeadh sé ina smaoineamh maith físeán a uaslódáil go YouTube.
Bunaíodh YouTube sa bhliain 2005 ach ní thiocfadh samhlú ag an am cé chomh rathúil agus a mbeadh sé faoi cheann cúpla bliain. Tá anois os cionn 100 uair físeáin curtha ar an suíomh gach bomaite agus tá daoine ag féachaint ar 6 bhilliún bomaite de, achan mí.
Tá thar milliún duine, de bhunadh níos mó ná 30 tír mar chruthaitheoirí ar YouTube a shaothraíonn airgead as a gcuid físeán. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na mílte cainéal ag tuilleadh na céadta míle euro achan bliain. Sin iad na cainéail agus na daoine atá ag dul is mó i bhfeidhm ar an phobal agus go háirithe ar an aos óg.
Níl aon dabht ach go bhfuil i bhfad níos mó aithne ar chailín darb ainm Zoe Sugg na laethannta seo nó a bhí riamh. Bhunaigh Zoe a cainéal ar YouTube sa bhliain 2009. Ar an fhéachaint deireanach dom, bhí thar 7 mhilliún duine á leanúint ar YouTube.
Arís, samhlaigh é sin. 7 mhilliún duine ag faire ort. Cha dtiocfadh le éinne réamhaithris a dhéanamh air.
Is faoi smideadh agus éadaí a labhraíonn Zoe don chuid is mó ar a cainéal ‘Zoella’. Tá na milliún cailíní faoina draíocht agus sásta a comhairle agus a sampla a leanúint. Baineann Zoe úsáid mhaith as an stadás a bhronnadh uirthi. Impíonn sí i gcónaí ar a lucht féachána a bheith dearfach, seilbh a ghlacadh ar dheiseanna agus aire a thabhairt dá sláinte aigne. Ar ndóigh, tá sí faoi thionchar a taithí diúltach agus dearfach féin ach ar a laghad tá úsáid a bhaint aici as an ardán cumhachtach ar a bhfuil sí ag seasamh.
An áit go dtig tionchar YouTube a fheiceáil ag dul chun cinn is mó ná sna meáin thraidisiúnta. Is sampla foirfe í Zoe í féin. An bhliain seo chuaigh thart, shuí sí ag bord na mban de chuid ‘Loose Women’ agus níor stad sí leis na hagallaimh ó shin.
Rinneadh fogrú le déanaí ar iomaitheoirí ‘The Great Comic Relief Bake Off’ agus cé a bhí ina measc ach Zoe. Ar vicipéid s’aici tá iontráil anois faoin teideal ‘Ceol’ mar gheall go raibh sí féin, a buachaill Alfie Deyes agus a deartháir Joe Sugg atá ina vlagálaithe fosta mar pháirt den ath-taifeadadh ar ‘Do They Know It’s Christmas’.
Ní féidir réaltaí YouTube a sheachaint. Tá duine ag éirí cliste anois agus ag baint úsáid as an chumhacht agus an tionchar atá acu.
Faoi stiúr na bainistíochta ‘Gleam Futures’ atá mór-chuid de vlagálaithe rathúla na Breataine. Is cosúil go bhfuil teagmhálaithe ag an chomhlacht in achan cearn den ré siamsaíochta.
I mí Mheán Fómhair na bliana seo chaite, scaoileadh ‘Zoella Beauty’, réimse i gcomhair an fholcadáin agus na háilleachta. I mí na Samhna, d’fhoilsigh Zoe leabhar dá cuid. Úrscéal é darb ainm ‘Girl Online’. D’éirigh leis an líon is mó díolacháin do chéad leabhar údair sa chéad seachtain a bhaint amach.
Is cosúil gur impireacht atá a thógáil ag Zoe agus níl sí léi féin. Tá a comhghleacaithe ar nós Alfie Deyes, Joe Sugg agus Tanya Burr uilig tar éis leabhar dá gcuid féin a fhogrú nó a fhoilsiú.
An gné is cliste futhu ar fad ag cur táirgí éagsúla amach ná go bhfuil réamh-fhios maith ann go mbeidh rath ag baint leo. Tá na milliún ag faire orthu achan lá den seachtain, cad chuige nach dtabharfadh siad tacaíocht dóibh in earnáil eile?
Cinnte go bhfuil cáil YouTube agus a vlagálaithe ag fás go mór agus ag spré anonn go hoileán iathghlas s’againne. Is ar luas gasta atá sé ag reachtáil ach coinnigí súil géar air. Is cinnte an rud é gur i lár ré an vlag atá muid agus níl aon muinín agamsa go mbeidh sé ag stopadh ar feadh a bhfad.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.