HeadstARTS agus fiontair shóisialta eile faoi bhláth

Deirtear nach bhfuil sárú ar fáil ar gháire a bhaint as duine inteacht; cuireann sé tú féin ag gáire fosta, agus oibríonn an rud uilig mar rotha. Cruthaíonn sonas sonas, agus cruthaíonn lúcháir lúcháir. Sin an tuairim ar a dtáinig mé agus mé ag dul na bhaile i ndiaidh mo chéad seisiún HeadstARTS. Oíche fhliuch ghruama a bhí ann, bhí mé báite, bhí an bháisteach ag teacht isteach fríd bhoinn na mbróg, ach bhí mé ar mo shaimhín só. Fuaimníonn sin santach, agus cé go bhfuil sé fíor go gcuireann HeadstARTS sonas ar na deonaigh, ní sin an tuige gur cuireadh ar bun é.

Fiontar sóisialta atá in HeadstARTS, a thugann cumhacht do dhaoine faoi míchumas intleachta fríd na healaíona. I measc na ngnéithe a chlúdaíonn siad, tá ealaín, rince, dramaíocht, agus ceol. Liam Redmond, iar-mhac léinn Fiontar, atá ag obair anois le Enactus Éireann mar chlárbhainisteoir, a chuir tús le HeadstARTS in OCBÁC sa bhliain 2012.

Mar chuid dá chéim, Gaeilge agus Gnó, b’éigean do Liam comhlacht nó fiontar a bhunú. Agus é ina oibrí deonach le blianta anuas, ag obair le Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann, chinn sé dul sa treo sin arís. Dar le Redmond, tá 27,500 daoine in Éirinn faoi míchumas intleachta, agus níl ach 11,000 ina mbaill de Chluichí Oilimpeacha Speisialta Éirinn. Mar sin, fágtar thart faoi 15,000 gan bhealach amach dá gcuid cruthaitheachta. Tá sé mar aidhm ag HeadstARTS dul i ngleic leis an easpa bainte seo.

Tá sé ráite ag Redmond nach fear spóirt é, ach siocair go raibh sé ag iarraidh cuidiú le daoine faoi míchumas, thosaigh sé féin ag teagasc cispheile daofa. Mar sin féin, bhain sé úsáid as na hacmhainní agus na scileanna sna healaíona atá breá flúirseach ar an champas s’againne le háit eile a thabhairt do dhaoine faoi míchumas a gcuid talainne a fhorbairt, agus bheith i gcuideachta a chéile, gan iallach orthu páirt a ghlacadh i spórt.

Beagnach dhá bhliain níos moille agus tá HeadstARTS, dá bhfuil feicthe agamsa, faoi ráth agus tá ag éirí go breá leis an tionscadal fiúntach seo. Tá an lá ag druidim nuair a chuimhneoidh na rannpháirtithe m’ainmsa, ach faoi láthair is leor dom go n-aithníonn siad m’aghaidh agus iad ag teacht isteach an doras. Tá sé furast le feiceáil go mbaineann na rannpháirtithe fíor-sult agus leas as teacht isteach achan seachtain; bíonn siad ag dúil go mór leis an tseisiún agus téann siad amach an doras ag 8 a chlog ag mothú gur bhain siad rud inteacht amach, agus bhain. Ag deireadh na bliana cuireann HeadstARTS taispeántas na Nollag ar siúl sa Helix, a thugann seans do achan duine taispeáint dá gcairde, dá dtuistí, dá gcúramóirí, agus daofa féin, caidé a d’fhoghlaim siad, caidé a chruthaigh siad, agus caidé mar a d’fhorbair siad i rith na bliana.

I mbliana ‘sí Katie Mannion, mac léinn ghnó sa dara bhliain, atá i gceannas ar an chraobh OCBÁC. Chuir sí suim sa tionscadal agus í sa chéad bhliain, mar “nár leor léachtanna agus tascanna” di. “Thosaigh mé ag glacadh páirte sa rang damhsa agus gan mhoill bhí mé á theagasc. Bliain amháin ina diaidh cuireadh mé i mbun na craoibhe.” Dar léi, an rud is fearr faoi ná aithne a chur ar na rannpháirtithe. “Cruthaíonn muid gaolta gairide leis an oiread sin daoine tréitheacha a thagann fríd ár ndoirse gach Máirt. Tá gach uile duine acu speisialta agus tógann siad croíthe ár ndeonach. Níl deighilt ar bith le mothú idir na rannpháirtithe agus na deonaigh; oibríonn muid uilig le chéile san ealaín, damhsa agus dráma,” ar sise.

Labhair mise le Emer Ní Bhrádaigh, léachtóir le fiontraíocht anseo in OCBÁC, mar gheall ar HeadstARTS agus éachtaí na hollscoile s’againne ó thaobh na fiontraíochta de. “Is cuimhin liom go maith an lá ar tháinig an bunaitheoir Liam Redmond isteach i m’oifig ag fiosrú an bhféadfadh sé fiontar sóisialta seachas fiontar chun brabúis a bhunú,” ar sise. Cuireann sí síos ar Liam mar a chuirfeá síos ar fhiontraí ar bith eile, ach tá seisean mar chuid de dhream fiontriathe speisialta: fiontraithe sóisialta. “Níl siad dírithe ar an airgead – tá siad dírithe ar na deiseanna agus na féidirtheachtaí. Seasann siad amach ó dhaoine eile. Agus sin atá uainn ó chéimithe Fiontar, agus DCU i gcoitinne.”

Seasann a bhfuil ráite aici leis an smaointiú gur OCBÁC an ollscoil is nuálaí in Éirinn, agus níl dabht ar bith ann ach gur fíor di. “Tá polasaí ar leith ag OCBÁC an fhiontraíocht a chothú i measc na mac léinn – fiontraíocht chun brabúis agus fiontraíocht shóisialta,” arsa Ní Bhrádaigh. Dar léi, tá tábhacht ar leith ag baint leis an fhiontraíocht sa tsochaí, agus go bhfuil ról lárnach ag fiontraithe sa lá atá inniu ann. “Feiceann fiontraithe bealach níos fearr le tabhairt faoi rudaí, agus tugann siad faoi iad féin. Ní fhanann siad thart ag fanacht ar dhaoine eile é a dhéanamh. Tá fuinneamh ag baint leo; bíonn físeanna acu.”

Is fíor gur fiontar sóisialta é HeadstARTS, mar is eol d’achan duine, ach má amharcann tú thart tá lear mór fiontair shóisialta inár measc i ngan fhios dúinn. Chuir Emer seo in iúl domhsa, “ Is fiontraíocht atá i gceist le bunú an Sober Soc.” Ní shílfeá riamh é, ach rud inteacht mar sin, a fheiceann muid go laethúil, nó a bhíonn os ár gcomhair an t-am uilig, thiocfadh leis bheith ina fhiontar sóisialta.

Barra Ó Scannláin

 

Image Credit: Enactus DCU

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.