ABACAS Droichead Átha

Tá tionchar ag uathachas ar fhorbairt shóisialta, ar shamhlaíocht agus ar scileanna cumarsáide an duine.
Téann uathachas i bhfeidhm ar pháiste amháin as gach 166 páiste agus ar pháiste amháin as gach 100 páiste fireann. Téann an t-uathachas i bhfeidhm ar chúig oiread buachaillí nó cailíní.
De ghnáth, feictear na comharthaí i measc páistí níos óige ná 3 bhliain d’aois. Is iad na gnáth-thréithe a bhaineann leis an neamhord seo ná easpa cainte, gan an cumas a bheith ábalta féachaint isteach i súile an duine eile, a gcéadrogha a bheith ina aonair in ionad i gcuideachta daoine eile agus riachtanas céadfach difriúla.
Bunaíodh ‘ABACAS School for Children with Autism’ i nDroichead Átha sa bhliain 2003. Bhunaigh grúpa tuismitheoirí an scoil chun oideachas a chur ar fáil dá gcuid páistí a bhí uathachas acu. ‘Applied Behavioural Analysis (ABA)’ an córas atá i bhfeidhm sa scoil acu agus feictear go bhfuil sé oiriúnach go maith do na daltaí.
Thug an Roinn Oideachais stádas oifigiúil don scoil sa bhliain 2010. Bíonn na ceachtanna dírithe ar pháiste amháin ag an am, chomh maith le tacaíocht a fháil ó thuismitheoirí. Bíonn aidhmeanna ag daltaí agus na múinteoirí ann maidir le scileanna sóisialta agus cumarsáide, neamhspleáchas agus iompraíocht. Baineann na haidhmeanna seo leis an gcóras ABA.
Freastlaíonn 30 dalta ar an scoil i nDroichead Átha faoi láthair, go mór mar gheall ar an scoil nua. D’fhreastal idir 5-15 ar an scoil sna blianta tosaigh.
Bíonn eachtraí, grúpaí sóisialta agus tacaíocht eagraithe ag cathaoirleach ABACAS, Jacinta Walsh. Ta club óga curtha ar fáil do pháistí agus daoine óga leis an uathachas. Freastlaíonn páistí atá níos mó ná 8 mbliana d’aois ar an gclub chuile Sathairn i nDroichead Átha. Is féidir leis na baill a scíth a ligean agus bualadh le daoine nua in áit shuaimhneach.
Téann an grúpa chuig an pictiúrlann, ar turais, ag babhláil nó chuile rud atá na baill ag iarraidh a dhéanamh ar an Sathairn. Tugann an club seo seans do dhaoine a bheith níos sóisialta agus níos neamhspleách agus iad ag roghnú gníomhaíochtaí iad féin.
Cuirtear cúrsaí ar fáil trí scoil ABACAS do thuismitheoirí, daoine gairmiúla agus feighlithe chun cabhair níos fearr a thabhairt do pháistí agus daoine óga atá an t-uathachas orthu.
Chomh maith, cruthaítear scéim nua do dhaoine óga atá an t-uathachas orthu. Tá an obair seo déanta ag ‘Praxis Care’, ‘HSE Louth Disability Services’, ‘The Genio Trust’, ‘Autism Support Louth and Meath’ agus ‘ABACUS School for Children with Autism, Drogheda’.Tugann an scéim seo deiseanna dóibh scileanna a fhoghlaim agus a fheabhsú nuair a fhágann siad an mheánscoil. Bíonn seans acu a bheith páirteach sa phobal áitiúil.
Tá ABACAS ag iarraidh airgead a bhailiú chun trealamh riachtanach a cheannach don scoil nua. Má tá suim ag duine ar bith tiomsaitheoir airgid a eagrú ar son an eagraíocht charthanúla seo, téigh go www.autismsupportlouth.com.

Áine Marie Ní Mhainicháin

Image Credit: Blogspot

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.