Is é an tOireachtas an ócáid is mó dár dteanga dúchais i rith na bliana. Léiríonn sé don domhain ar fad go bhfuil an Ghaeilge fós beo agus ag fós ag fás timpeall na tíre.
Chuaigh mé go dtí an tOireachtas leis an gCumann Gaelach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ón chéad noiméad gur shuí mé ar an mbus bhí sé soiléir dom gur chinneadh maith a bhí ann.
Bhí gach duine lán le fuinnimh don chéad oíche agus fuaireamar gléasta suas mar threibheanna Ceilteacha, smaoineamh thar barr. Measaim gur tháispeán sé an chraic agus an spraoi atá ag baint leis an Ghaeilge do dhaoine óga timpeall na tíre. Bhí an oíche is fearr le cúpla seachtain anuas agam ag céiliúradh mo thír agus mo theanga féin.
Chaitheamar an oíche ar fád ag damhsa agus ag canadh agus, ar ndóigh, ag labhairt ár dteanga féin. Bhí sé go hiontach, teacht le chéile leis na mic léinn eile ó ollscoileanna timpeall na tíre agus an Ghaeilge a chéiliúradh le chéile. Bhí ceol iontach ann, leis an ghrúpa ceoil cáiliúil, Seo Linn ag seinnt. Chuir sé gliondar chroí orm an líon daoine a bhí ann chun an Ghaeilge a spreagadh a fheiceáil.
An lá dár gcionn d’éirigh muid go luath chun seimineár agus comórtais a fheiceáil. Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh páirteach i seimineár den scoth agus ansin chaith mé an lá ag féachaint ar na hiomaitheoirí iontacha a bhí ag damhsa ar stáitse. Bhain mé an-taitneamh as an lá ar fad a bhí lán cúltúir agus craic.
An oíche sin, chuamar amach arís, an grá don Ghaeilge le feiceáil agus le brath gach áit. Níor chreid mé an oiread daoine a chuir an iarracht isteach taisteal go Ciarraí chun an Ghaeilge a labhairt agus a cheiliúradh. Bhí grúpa mór millteanach ann a bhí bródúil as an nGaeilge agus ócaid speisialta agus draíochtach a bhí ann. Ní fhaca mé rud ar bith cosúil leis riamh roimhe agus táim cinnte go bhfanfaidh sé liom go deo na ndeor.
Is í mo thuairim ná go bheireann an Ghaeilge muidne, daoine óga na tíre, go léir le chéile agus is í an Ghaeilge an nasc idir muidne agus na daoine Éireannacha a chuaigh romhainn. Is í an t-aon rud atá againn nach bhfuil ag aon duine eile i dtíortha eile agus tá sé de dhualgas orainn an Ghaeilge a labhairt agus a bheith bródúil as. Is muidne todhchaí na tíre agus tá an fhreagracht orainn cinneadh a dhéanamh an mbeidh an Ghaeilge fós ann sna blianta atá romhainn. Tugann ócáidí cosúil leis an Oireachtas an seans seo dúinn agus táim go hiomlán sásta gur ghlac mé an deis agus go ndeachaigh mé ann. Deireadh seachtaine den scoth a bhí agam agus ghlac mé an deis a bheith i mo ghníomhaire teanga. Gaeilge abú!
Aoife Marnell
Leave a Reply