Níl lá dá dtéann thart, nach mbíonn scéal ar leith faoi channabas sna meáin.
Ón triall líomhnaithe a bhain Nigella Lawson as, go ráitis ghlice Alan Shatter sa Dáil faoin úsáid a bhaineann Luke Ming Flanagan as, is foinse cainte é a mbíonn go mór i mbéal an phobail.
An tseachtain seo chuaigh thart fiú, scríobhadh tuairisc in The College View faoin dochúlacht de 60 faoin gcéad atá ann nach gcríochnóidh mic léinn a mbíonn ag caitheamh cannabais an ollscoil. Tá staitisticí go flúirse i dtaobh an channabais de. Mar thopaic ar a dhéantar mór-chuid díospóireachta, caitear na firicí agus na figiúirí seo thart go minic.
Ar ndóigh, bíonn cúirteanna na tíre seo gafa le cásanna d’urghabháil, láimhseáil, seilbh, díol agus mí-úsáid channabais cúig lá sa tseachtain. Tar éis do na Gardaí cuardaigh a dhéanamh in roinnt tithe timpeall Dún Dealgan le déanaí, thángthas ar channabas de luach os cionn €160,000. Ní amháin sin, ach fuaras luibh channabais de luach €2000 nó mar sin fosta. Gabhadh beirt fear agus beidh siad os cóir Breitheamh na Cúirt Dúiche anseo i mBaile Átha Cliath gan mhoill.
Scéal an-chosúil a bhí ann i Longfort, le teacht ar channabas de luach €1112,000 ag tús an mhí. Ní raibh an saothróir ach naoi mbliain déag d’aois agus é ag úsáid seomraí ina theach chun an cannabas a fhás. Chuardaigh na Gardaí a theach mar chuid dá bhfeachtas in éadan déileáil drugaí sa chondae.
Cuireadh rún os cóir an Dáil an bhliain seo chaite ag an Teachta Dála Neamhspleách Luke Ming Flanagan chun dlisteanú cannabais a thabhairt isteach sa tír. Cé gur buaileadh an rún le 111 vóta in éadan 8, cruthaíodh léar mór cainte agus díospóireachta timpeall an ábhair.
Mhaigh Ming Flanagan go ghineodh dlisteanú cannabais suas go €300 milliún don stát mar gheall ar ioncam cánach agus an saoradh a dhéanfadh sé d’achmhainní – meastachán iomlán ach foinse frithchaithimh cinnte.
Samhlaigí an tír seo €300 milliún níos fearr as. Cinnte go bhfuil muid saor anois ó tharrtháil éigeandála an IMF tar éis trí bhliain ach ní hé go bhfuil cúrsaí na tíre slán go fóill. Mar a dúírt ceannaire an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Craig Beaumont, ‘tá obair le déanamh go fóill.’ Caithfear smaoineamh ag an am céanna, ní dhíbhfeá €300 milliún!
Maíonn lucht tacaíochta dlisteanú cannabais go dtógfadh sé trádáil an druga ar shiúl ó gáinneálaí mídhleathacha, ag ligean do na húdaráis é a rialú agus cáin a ghearradh air.
Seo go díreach atá déanta ag Seanad Uragua, ag dlisteanú saothrú agus díol cannabas go náisiúnta. Tá mórán gnéithe den reachtaíocht ann – an ábaltacht suas le 40g de a cheannach ag luach $1 an gram in aghaidh na míosa ina measc. Reachtaíocht cheannródaíoch í ach reachtaíocht atá go leor de phobail an domhain ag cuardach ina dtíortha féin.
Ar thaobh eile an scéil, tá freasúra ollmhór ann i dtaobh dlisteanú cannabais. Tá sé léirithe ag staidéir agus ag ollúna go bhfuil ceangal le feiceáil ann idir chaitheamh cannabais agus fadhbanna le sláinte mheabhrach.
Tá gaol ar leith scrúdaithe go mion ag ollúna timpeall an domhain idir channabas, dúlagar agus scitsifréine. D’aithin taighde san Astráil go raibh sé cúig huaire níos dealraitheach go mbeadh fadhbanna le dúlagar agus imní ag daoine óga a chaith cannabas go laethúil.
Maidir leis an scrúdú idir ghaol cannabais agus scitsifréine, feictear go raibh tú chun a bheith ceithre úr níos dealraitheach neamhord síocóiseach a tholgadh má thosaigh tú ag caitheamh cannabais roimh aois cúig bhliain déag d’aois.
Le dlisteanú cannabais agus margadh níos so-aimsithe, tá an imní ann go dtiocfadh méadú mór ar fhadhbanna sláinte mheabhrach na hÉireann. Coiscéim ollmhór a bheadh ann don tír agus cinnte go bhfuil an faitíos ann go gcinnteodh dlisteanú cannabais todhchaí i bhfad níos fabhrach i dtaobh drugaí.
Cibé ar bith, tá coiriúlacht drugaí na tíre seo mar fhadhb uafásach – 16464 cionta drugaí smachtaithe an bhliain seo chuaigh thart fiú.
Caithfear a machnamh ar chásanna ar nós an bheirt i nDún Dealgan a ghabhadh le déanaí as ucht seilbh cannabais de luach €160,000. Thiocfadh leo na blianta fada a chaitheamh i bpríosún. Príosúnaigh eile de chuid seirbhísí coinneála na tíre seo – maoinithe ag cáin an phobail.
Tá dhá thaobh i gcoinne a chéile i gcás fadhb channabais na tíre seo agus argóintí láidre acu ar fad, cinnte. Ní féidir a leithéid a réiteach thar oíche agus cinnte go mbeidh mórán cainte agus díospóireachta faoin ábhar go dtí sin.
Caithfear a admháil – tá muid gafa le ceist an channabais.
Caoimhe Ní Chathail
Leave a Reply