Lá mór corraitheach a bhí san 18 Meán Fómhair. Lá na cinniúna, lá air a dhéanfaí ceann de na breithiúnais ba thábhachtaí i stair na hAlban, breithiúnas a thiocfadh leis tús a chur le sraith ghníomhartha duibheagánacha ar fud na Breataine Mhóir, agus na hÉireann fiú. Mar sin féin, lá doiligh cruaidh a cuireadh romham agus mé ag crochadh na ndallóg ar an 19 lá. B’éigean dom léamh fríd tréan tvuíteanna roimh theacht ar an scéal. Tuigeadh domh ón tús gur droch-scéala a bhí ann. Dá ba dea-scéala a bhí i gceist, bheadh sé ar bharr an news-feed gan dabht ar bith. Bhí mé croí-bhriste, agus mé i m’Éireannach. Samhlaigh an crá a bheadh ar Albanaigh náisiúnacha.
Ní bheidh mórán plé á dhéanamh agam ar chúrsaí polaitíochta san alt seo, siocair go bhfuil barraíocht le clúdach, barraíocht le tuigbheáil, agus barraíocht prácáis i gceist. Seo alt a bhaineas le cúrsaí daonna, cúrsaí pearsanta, agus cúrsaí féiniúlachta.
Mar is eol do gach mac is a mháthair, tá gaol láidir idir Albain agus an chuid thuaisceartach den oileán ‘s againne. Téann sé siar go dtí aimsir an Ghorta Mhóir agus i bhfad roimhe, nuair a ba ghnás leis na stócaigh dul anonn go hAlbain ar son oibre. Anuas air sin, in áiteanna áirithe ó cheann go ceann Uladh tá blas láidir Albanach le brath, de bharr an réimse éagsúil dreamanna Albanacha, cuir i gcás inimircigh, Ulster Scots, muintir na Gaeltachta Thír Chonaill, srl.
Mar chúlra beag ar an reifreann suntasach seo, is é Alex Salmond, ceannaire an Scottish Nationalist Party, a spreag agus a chuir an roth ag dul mar a deirfeá. Dhá ainm iomráite i gcúrsaí polaitíochta na hAlban is iad Alex Salmond agus an SNP. Is duine é Salmond a chaith a shaol ag cruthú easaontais thart air – ó toghadh é mar cheannaire ar an SNP, nó nuair a bhain sé post an Phríomh-Aire amach. Bhí sé i gcónaí mar sprioc aige neamhspleáchas a bhaint amach dá thír dhúchais féin, ach cad chuige?
Ar dtús, caithfear amharc ar na tuigheanna praiticiúla atá taobh thiar de seo. Dar le Salmond bheadh Albain abálta £30 billiún a thuilleadh thar aon ghlúin amháin, dá mbeadh fáil acu ar a chuid foinsí óla féin. Tuairiscítear go bhfuil cuid mhillteanach mhór de fhoinsí óla na Breataine lonnaithe gar do chósta na hAlban. Rud eile a tharlódh de bharr neamhspleáchais ná go dtabharfaí cumhacht iomlán d’Albain ar a cúrsaí féin. Bheadh muintir na tíre údaí céad faoin gcéad i gceannas ar a rialtas féin, seachas an dóigh a bhfuil sé faoi láthair – orduithe ag teacht ó Westminster.
Ach nach bhfuil níos mó i gceist ná sin? Nach bhfuil féiniúlacht, tírghrá, féin-mheas agus crógacht i gceist? Nach mór an rud é sa lá atá inniu ann, go dtig saoirse agus neamhspleáchas a bhaint amach gan fhuil a dhoirteadh. Bheadh sin mar bhrionglóid sheafóideach ag ár sinsear.
Seans caillte mar sin, dar liom féin.
Barra Ó Scannláin
Leave a Reply