Rian na Gaeilge ar Thoghcháin Aontais na Mac Léinn

Seachtain thar a bheith gnóthach ab ea an tseachtain ‘s a chuaigh thart ar an gcampas ‘s againne. Agus deireadh na bliana acadúla ag druidim linn, ní mór fhoireann nua a cheapadh le bheith i gceannas ar ár nAontas – ó na hoifigigh shabóideacha go dtí na tionólaithe dáimhe páirtaimseartha agus gnáthbhaill an Aontais, fiú.

Ó meán oíche ar an Déardaoin ar thosaigh na feachtais go hoifigiúil, níor moillíodh riamh dúthracht na n-iarrthóirí, agus bhí an-fhuadar le brath an tseachtain ar fad. Ní fhacthas an campas chomh beo sin ag 9 ar maidin ó sheachtain na bhFresher.

Pléadh cuid mhaith topaicí, agus bhí cúpla gealltanas le cloisteáil ó na hiarrthóirí uile, ach bhí ceist amháin ar intinn agamsa, agus nuair a chuirim i gcló é, cuirtear béaltriail na hardteistiméireachta i gcuimhne dom: dá mbuafá an toghchán, cad é a dhéanfá ar son na Gaeilge?

Leoga, bhí seans ag iarrthóir nó beirt labhairt liom faoin cheist sin go neamhfhoirmiúil – ar an champas, ar Facebook, cibé, ach nuair a chuala mé ag labhairt ag na Hustings, b’suimiúil na freagraí a chloisteáil. I measc na smaointe a cuireadh os comhair an lucht éisteachta, moladh díospóireachtaí idirollscoile as Gaeilge. Ní dúradh sin ach uair amháin áfach – luadh an scéim chónaithe cúpla uair mar phríomhchuspóir ag cuid mhaith de na hiarrthóirí, rud atá á phlé ag an Aontas agus an Ollscoil le cúpla seachtain anuas anois, i ndiaidh dó bheith pléite ag Comhairle na nIonadaí Ranga. Mar a cuireadh in iúl ag an Chomhairle sin, má tá chun éirí leis an scéim, is gá Oifigeach Cultúrtha lán- nó páirtaimseartha a fhostú ar an gcampas, agus léirigh na hiarrthóirí – go háirithe na hiarrthóirí ar phoist shabóideacha – go dtuigeann siad an gá seo agus go bhfuil siad chun iarracht a dhéanamh an tOifigeach seo a chruthú.

Dúirt iarrthóir amháin áirithe go bhfuil “an Cumann Gaelach againn cheana, mar sin cad chuige a mbeadh orainn rud ar bith eile a bhunú? Tá siad ann, agus ba cheart dúinn oibriú leo ar gach uile ócáid atá ar siúl.”
Bhí rath eile ag an nGaeilge i rith na seachtaine, i gcruthú físeáin, a cuireadh le chéile ag an gCumann Gaelach. An aidhm atá leis an bhfíseán seo ná a léiriú go bhfuil Gaeilge ag mic léinn DCU – agus d’éirigh go breá leis. Is féidir an físeán a fháil ar leathanach Facebook an Chumainn.

Barra Ó Scannláin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.