I measc stoirm fhíochmhar na gceisteanna agus an fearg mharfach atá le brath ina dhiaidh éirí as Coimisinéir na nGardaí Martin Callinan, tá ceist uaigneach amháin le cur a raibh fágtha faoi dheannach scannail na bpointí pionós.
Cá bhfuil an ruaile buaile i dtaobh éirí as an gcoimisinéir Teanga?
An Feabhra seo caite d’éirigh an chéad Ombudsman d’aon sórt ó bhunú an saorstát as a phost mar agóid i gcoinne neamhaird an rialtas. Níor bhrath Seán Ó Cuirreáin go raibh sé ag fáil neart tacaíocht ón rialtas chun a ról mar Choimisinéir Teanga a chomhlíonadh, agus mar sin d’éirigh sé as. Cailleadh súntasacht an scéil seo trí easpa chlúdach ar RTÉ, rud a léiríonn doimhneacht na ceiste agus a taispeánann fairsinge na faidhbe a bhí Ó Cuirreáin ag déileáil léi ar bhonn laethúil.
Nuair a chuaigh 50 oibreoir in RTÉ go díreach go Noel Curran, Ard-Stiúrthóir RTÉ, ag léiriú a mbuaireamh faoi easpa chlúdach ar agóid Ó Cuirreáin, an argóint a thugadar ná; “Dá n-éireodh Coimisinéir Teanga na Breatnaise as a phost faoi choinníollacha chomhchosúileacha, an bhfuil sé inchreidte go dtabharfadh na seirbhísí teanga Béarla ó BBC na Breataine Bige beagnach neamhaird iomláin air?” Freisin dúradar “Dá n-éireodh an t-ombudsman, Ombudsman na bPáistí, nó ball de Choimisiún Ombudsman na nGardaí Síochána faoi choinníollacha chomhchosúileacha, an dtabharfadh RTÉ neamhaird ar an scéal?”
Is í seo taoide na húdaráis a gcaithfidh an Coimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill a ról a chomhlíonadh – cinntiú go leanann seirbhísí éagsúla rialacha na gcearta teanga agus déileáil le haon ghearáin ón bpobal nuair a bhuaileann siad le constaicí i leith an teanga a úsáid ar bhonn laethúil.
Mar fhear óg, fuinniúil, cliste, is cinnte go mbeidh Ó Domhnaill díograiseach, ceanndána agus é ag tabhairt faoina phost. Aithníonn sé go bhfuil fadhbanna na Gaeilge an-soiléir agus tú ag iarraidh do pháistí a tógadh suas le Gaeilge agus gur mhaith leis feabhas a chuir ar sheirbhísí an stáit nó ar sheirbhísí poiblí. Más féidir leo iad a úsáid trí mheán na Gaeilge feicfidh tuismitheoirí agus páistí araon go bhfuil úsáid ag baint léi.
Ach cad gur féidir leis a dhéanamh nach raibh Ó Cuirreáin in ann chuici chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, atá faoi athbhreithniú, a chuir chun cinn? “Cibé rud a dtarlaíonn,” a gheall sé dúinn, “déileoidh mé leis, smachtóidh mé é agus cosnóidh mé cearta na teanga agus a pobal labhartha chomh fada agus gurbh fhéidir liom.” Tá na focail cearta in úsáid aige – tús maith.
Comhartha maith í freisin, an fáth ar ghlac ár gcoimisinéir Teanga nua, a chaith na blianta mar chomhfhreagraí pholaitiúil do RTÉ, an ról seo. Bhrath an fear óg go raibh ról le himirt aige agus dualgais air mar chainteoir na teanga chun iarracht a dhéanamh í a chaomhnú agus gurbh fhiú an troid seo a throideadh. Is mar gheall ar seo ar thréig sé a phost mar chomhfhreagraí le RTÉ chun dul faoi thóir stádas úir don Ghaeilge.
Dar le hÓ Domhnaill san am ar fad ar chaith sé mar iriseoir, go bhfuil daoine níos airdeallaí ar theangacha agus ar an Ghaeilge anois ná riamh agus go gcreideann sé gurbh í seo an am is fearr le tabhairt faoi lasair na teanga a bhreoslú. Tá tacaíocht an pobal aige, agus súile a thír ag faire air.
Gráinne Ní Aodha
Leave a Reply