Tá deireadh anois tagtha le choiscís an trádáil chóir. Is coicís í seo a n-eagraítear gach uile bhliain chun aird a tharraingt ar chás an trádáil chóir go domhanda, agus ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh. Is éard atá i gceist leis an trádáil chóir ná go gcinntítear praghsanna córa, coinníollacha oibre níos fearr agus níos sláintiúla, inbhuanaitheacht áitiúil agus téarmaí córa trádáil d’fheirmeoirí agus d’oibritheoirí sa domhan forbraíochta. Trí iarradh ar comhlachtaí praghsanna inbhuanaithe a íocadh leis na tairgeoirí/feirmeoirí (níl cead ag na bpraghas seo titim faoi phraghas an mhargaidh riamh), téann Trádáil coir i ngleic leis na héagóracha den trádáil coinbhinsiúnach, a dhéanann leatrom go traidisiúnta i gcoinne na dtairgeoirí ab bhoichte agus ab laige. Ligeann an trádáil coir dóibh a shuíomh a fhorbairt agus níos mó smacht a bheith acu thar a saol féin.
Is eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúis í Coir thrádáil na hÉireann, a dhéanann ceadúnú ar úsáid an Marc Cóirthrádála ar tháirgí in Éirinn, i gcomhréir leis na gcaighdeáin Cóirthrádála a bhfuil aontú idirnáisiúnta fúthu. Bunaíodh Cóirthrádáil na hÉireann i 1992.
An mana a bhí ag an gcoiscís Cóirthrádála i mbliana ná ‘An chumhacht atá agat féin’. An teachtaireacht a raibh an eagraíocht Cóirthrádáil ag iarraidh a sheoladh amach go hidirnáisiúnta ná go bhfuil an chumhacht ag gach tomhaltóir anseo in Éirinn rud éigin dochreidte a dhéanamh. Tá sé de chumhacht againn uile cabhrú le feirmeoirí todhchaí níos fearr a thógáil dóibh féin, agus coinníollacha oibre mór thimpeall an domhain a bhfeabhsú. Má bheartaíonn gach tomhaltóir in Éirinn táirgí leis an marc Cóirthrádála orthu a cheannach, is féidir linn an domhan a athrú, ceannachán amháin ag an am.
Bhí sé de phribléid agam a bheith i láthair ag ócáid de chuid Cóirthradáil mo shráidbhaile féin, a bhfuil ina ‘Baile Cóirthrádála’, tá an stádas sin bainte amach aige trí na coinníollacha atá leagtha síos ag Cóirthrádáil na hÉireann a chomhlíonadh, sé sin, go bhfuil na táirgí ar dhíol sna siopaí, agus in úsáid sna bialainne agus sna tithe tábhairne. Bhí beirt fheirmeoir in Éirinn ar feadh an coicís, Alex Flores a thagann ó Chalatenango, El Salvador agus Alfredo Ortega a shíolraíonn ón mBeilís. Labhair an bheirt fhear ag an ócáid a bhí á reáchtáil againn, agus bhí siad thar a bheith ionspráideach.
Ar dtús labhair Alex Flores. Tagann sé ó cheantar bocht tuaithe nach bhfuil mórán deiseanna ann. Oibríonn sé in Aprainores, comharchumann beag ina bhfuil thart ar 55 ball. Déanann siad thart ar 60,000 lbs de chnónna caisiú a heaspórtáil gach bliain, don Fhrainc agus don Bhreatain go príomhúil. Bhí go leor fadhbanna ag Aprainores ag an tús, ach tá sé deimhnithe ag Cóirthrádáil ó 2005. Deir sé go bhfuil sé seo tar éis difríocht ollmhór a dhéanamh dó agus don chomharchumann agus don phobal go ginearálta. Tá sé seo tar éis rochtain a thabhairt dóibh ar margadh slán. Deir Flores gurb é an príomh bhuntáiste a bhaineann leis an deimhniúcháin seo ná go ligeann sé dóibh an tsláinte sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a bhaill agus fostaithe an eagraíocht. Deir Flores go bhfuil siad anois an-dóchasach faoin todhchaí atá rompu. Braitheann siad go bhfuil siad níos iomaíochtúil, níos láidre agus níos cumhachtaithe. Agus tá sé seo ar fad de thoradh ar an gcóirthrádáil. D’iarr Flores ag deireadh a óráid ar an lucht féachana chun leanúint orthu ag ceannach earraí leis an marc cóir thrádála ar, agus chun an deánuacht a scaipeadh. Is rud thar a bheith simplí é dúinn mar thomhaltóirí, ach déanann sé difríocht ollmhór dá leithéid de Flores agus a chlann. Mar sin, ba chóir dúinn tuiscint a bheith againn ar an gcumhacht atá againn athraithe ollmhóra a dhéanamh i gcinntí fíorbheag.
Máire Áine Ní Shúilleabháin
Leave a Reply