Ó na Sráideanna go dtí an Stáitse

Tá lucht na hOllscoile faoi ghruaim agus muid ag druidim i dtreo na scrúdaithe ach ní raibh cuma chomh fríd a chéile ar leantóirí an Craobh Domhanda de thaibhléiriú sráideanna a sheoladh, ar bhFaiche Stiabhna, Dé Domhnach. Tháinig na céadta duine, le fir ghrinn, anáileoirí tinte agus muintir craiceáilte na tíre in a mheasc, le tús na féile a chéiliúradh.

Tá Éire mar an t-aon tír ar domhan leis a leithéid d’fhéile. Tugann an féile seo cuireadh do thaibheoirí na sráide, ó gach cúinne den domhan, teacht go hÉireann agus a scileanna agus a mbuanna a thaispeáint ar árdán idirnáisiúnta. Glactar leis na mílte iarrathóirí gach bliain agus gach taibheoir ag iarradh stádas an tseaimpín a bhaint amach. Roghnaítear, as na mílte sin, na lámhchleasaithe, na draíodóirí agus na cleasghleacaithe is fearr ar an tsaol agus cuirtear iad in iomaíocht lena chéile leis an stádas cumhachtach seo, trí vótaí an phobail, a bhuachan.

Is é an aidhm is mó atá leis an bhféile, dar le Shell Holden, príomh eagraí an imeacht, ná deis a chruthú do thaibheoirí na sráide a cheard a roinnt leis an domhain. Táthar ag iarradh imeacht a chur ar fáil a bhfuil in oiriúint don phobal uile. Is cuma más hógánach nó pinsinéir atá ann, baineann gach duine taitneamh as, a deir sí. Cruthaíonn an fhéile seo naisc idir taibheoirí domhanda, dar le Shell, agus tá na naisc seo ríthábhachtach le stíleanna éagsúla agus cultúir difriúla a léiriú don lucht féachana. I mbliana beidh ionadaí ag teacht ó gach cearnóg den domhan, an Astráil, na Stáit Aontaithe, an Danmhairg agus an tSeapáin san áireamh.
Beidh an fhéile, a bhfuil á reáchtáil ag Laya Healthcare agus í faoi stiúir an ‘Ministry for Silly Ideas’, ag ceiliúradh a hochtú bliain ar an bhfód i mbliana. Tháinig an fhéile faoi spotsolas na meáin dhá bhliain ó shin nuair a bhris sí curiarracht dhomhanda don mhéid is mó ‘Where’s Wally’ in aon áit amháin. I measc na duaiseanna eile a bronnadh ar an bhféile go dtí seo tá; buaiteoir an ‘Imeacht Luach is Fearr’ do chuid Dámhachtainní an Fhéile Éireannach i mbliana agus buaiteoir an ‘Imeacht Siamsaíochta Beo is Fearr’ mar chuid do Dhámhachtainí Allianz Gnó go hEalaín, sa bhliain 2010.

Leanann an fhéile ar aghaidh ag forbairt agus ag fás gach bliain. I mbliana, beidh an fhéile ar siúl thar dhá deireadh seachtaine. Beidh an chéad chuid ar siúl i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath idir an 12 agus 14 Iúil agus beifí ag súil go mbeidh 190,000 duine ag freastal uirthi. Cuirfear an chuid eile ar siúl an seachtain ina dhiaidh sin i gcathair Corcaigh agus ceaptar go mbeidh níos mó 50,000 duine i láthair ag an imeacht.

Ní féile do thaibheoirí proifisiúnta amháin í an fhéile seo. Tá neart cluichí agus siamsaíocht ann a chuirfeadh áthas ar an bpobal i gcoitianta chomh maith. Is féidir clárú anois, ar suíomh gréasáin na hócáide, d’imeachtaí ar nós dioscónna na mboghanna báistí agus comórtais caite pióige.Ní beidh buan nó buairt ag muintir an choláiste agus iad ag an bhféile iontach seo, gan dabht ar bith. Tá tuilleadh dea-nuachta ann fosta do mhic léinn bochta na tíre- tá an fhéile agus na himeachtaí ar fad a bhaineann léi, go hiomlán saor in aisce.
Ellen Ní Churtáin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.