Cúrsaí Gaeilge ag tosnú an mí seo i gConradh na Gaeilge

Cuireann Conradh na Gaeilge réimse leathan agus rogha maith de chúrsaí Gaeilge ar fáil i mBaile Átha Cliath, agus tá an réimse atá acu de shíor ag leathnú. Tosóidh téarma eile 10 seachtainí de ranganna oíche in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ón 23-24 Aibreáin do mhuintir Bhaile Átha Cliath a bhfuil ag iarradh cuir lena scileanna teanga i mbliana.

Tugann Brenda Ní Ghairbhí, an té atá mar comhordaitheoir cúrsa de chuid Conradh na Gaeilge léargas ar an fáth go bhfuil ráth ar na gcúrsaí úd. De bharr go gcloínn ranganna oíche Conradh na Gaeilge leis an siollabas Teastas Eorpach na Gaeilge, is féidir le daltaí an gcúrsa, buntáiste a thógáil don deis cháilíocht, a bhfuil aitheanta go hidirnáisiúnta as Gaeilge a bhaint amach, trí iarratas a chuir isteach le haghaidh scrúdaithe TEG, a bhíonn á reáchtáil ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Cuirfeadh sé seo go mór le CV nó le hionchais fostaíochta an duine, cinnte. Do dhaltaí atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a bhfeabhsú ar fáthanna pearsanta- más rud é go bhfuil a gcuid bpáistí san Gaelscoil áitiúil, nó má tá siad go bhunúsach ag iarraidh an chultúir Gaeilge a thuiscint níos fearr, beidh na ranganna seo in oiriúint duitse. Tá ranganna beaga agus ceachtanna idirghníomhacha ag Conradh na Gaeilge, rud a dhéanann freastal ar leibhéil gach fhoghlaimeoir, agus tugann sé deis do dhaltaí labhairt lena chéile i suíomh sóisialta agus a chuid Ghaeilge á gcleachtadh i gClub an Chonradh i rith an briseadh ranga gach uile seachtain.

Tá aitheantas ag Conradh na Gaeilge agus a chuid múinteoirí a bhíonn ag taisteal – na timirí, as ucht an Ghaeilge a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí fásta ó bhunaíodh an eagraíocht in 1893. Is iadsan a bhfuil ag chuir an praghas is fearr ar fáil ar chúrsaí Ghaeilge san chaipiteal fós, 120 bliain níos déanaí. Ní chosnaíonn cúrsa 10 seachtain ach €180 le haghaidh 20 uair de theagasc, agus tá ráta lascaine de €160 ar fáil do phinsinéirí seanaoise, iar-dhaltaí, mac léinn, daoine dí-fhostaithe, nó duitse, má mholann tú do chara leat cúrsa Conradh na Gaeilge a dhéanamh an téarma seo freisin. Is éard atá i gceist leis na cúrsaí seo ná ranganna dhá uair an chloig, oíche amháin san tseachtain i gConradh na Gaeilge, agus tá ocht leibhéal de chúrsaí gur féidir leat roghnú uathu, ar oíche Dé Máirt nó Dé Céadaoin.

Is é Conradh na Gaeilge an fóram daonlathach don phobal a labhraíonn Gaeilge chun na teanga a chur chun cinn. Tá níos mó ná 200 brainsí de Chonradh na Gaeilge ann. Ón uair gur bhunaíodh é, tá baill an Conradh ag déanamh chur chun cinn gníomhach ar an nGaeilge i ngach gné den saol in Éirinn agus tá úsáid an teanga ina gceantracha féin á fhorbairt ach go háirithe. Tá Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta na teanga Gaeilge a daingniú agus a neartú sa phobal. Is féidir clárú mar bhall indibhidiúil den Chonradh. Bíonn cúrsaí Gaeilge á rith ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile mór thimpeall na tíre freisin.

Máire Áine Ní Shúilleabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.