Réabhlóid maidir leis an nGaeilge ag tarlú i Nás na Rí agus Cill Dara ina iomlán

Is cinnte go bhfuil ceisteanna dáiríre le freagairt maidir le cé chomh héifeachtach is atá polasaithe maidir leis an chaoi ina múintear an Ghaeilge i scoileanna na hÉireann le blianta anuas. Fágann na mílte daltaí an córas oideachais dara-leibhéal in Éirinn gach uile bhliain agus iad ag streachailt leo níos mó ná cúpla focal a rá, gan trácht ar chomhrá ceart a bheith acu inár dteanga náisiúnta. Tá rud éigin scannalach faoi sin, cinnte, agus an teanga á foghlaim ag daltaí ar feadh suas le ceithre bliana déag. Caithfear an cheist a chur- cad é todhchaí na teanga, bás mall pianmhar nó athbheochan mhíorúilteach?

Is í Cill Dara ar cheann do na contaetha ina bhfuil an fás is tapúla ar labhairt na Gaeilge ag tarlú, taobh amuigh den Ghaeltacht. Is léir go bhfuil borradh mór tar éis teacht ar an bpobal a bhíonn an Ghaeilge á labhairt acu, le linn gníomhaíochtaí agus sa chóras oideachais, le blianta beaga anuas.
Mar shampla, sa chóras oideachais áitiúil, tá liostaí feithimh anois ann don chéad uair riamh, do Ghaelscoil Nás na Ríog, agus freisin, do Ghael Choláiste Chill Dara ar Bhóthar an Droichid Nua.

I dteannta sin, tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí teaghlaigh le Glór na Ríog. Ina measc sin, tá an Bricfeasta as Gaeilge a bhíonn ar siúl go seachtainiúil i mBialann Alice, seisiún traidisiúnta agus ceachtanna sa teanga Ghaeilge le Sult na Sollan. Is iomaí eagraíocht áitiúil a bhfuil ag déanamh cur chun cinn agus ag baint úsáide as an nGaeilge agus a cultúr.

Is de bharr an ghrá atá acu don teanga gur thosaigh Bean ó na Solláin, Eithne Ní Fhlathartaith agus úinéir na bialainne Alice, Eileen Meagher an Bricfeasta as Gaeilge gach uile maidin Shatharn.

Deir ceann do na daoine a bhunaigh an Bricfeasta as Gaeilge go bhfuil réabhlóid Éireannach ag tarlú i Nás agus i Solláin, agus is cinnte go bhfuil sé ag fás. Bíonn suas le 20 duine ag an mBricfeasta seo gach seachtain, agus bíonn ranganna Gaeilge ar siúl a dhéanann freastal ar gach cumas. Bíonn lear daoine le Gaeilge, ach gan an seans acu í a úsáid go rómhinic. Is cinnte gur smaoineamh den scoth é a leithéid den Bhricfeasta seo, agus sílim go bhfuil níos mó dá leithéid ag teastáil mórthimpeall na tíre má tá leibhéal na Gaeilge labhartha chun dul i bhfeabhas sa tírín beag seo againne.

De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, deir nach mór 42 faoin gcéad de dhaoine ón gceantar go labhraíonn siad an teanga. Labhraíonn thart ar 20,000 duine ón Nás, na Solláin, an Chill, Baile Eoin agus an Chorr Choill an Ghaeilge go rialta. Is figiúr mór í an figiúr sin, agus is léir go bhfuil pobal an cheantair ag iarraidh cuir leis an bhfigiúr sin de réir a chéile.

Tugann a leithéid de scéal dóchas do phobal na Gaeilge sa tír seo, go bhfuil sí beo, agus go bhfuil sí ag fás. Ní féidir a rá cad atá i ndán don Ghaeilge amach ó seo, ach is cinnte nach bhfuil an bás i ndán di ar aon nós, má tá aon rud le tógáil ón méid atá ar siúl i gCill Dara faoi láthair.

Máire Áine Ní Shúilleabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.