Lá Fhéile Pádraig- cultúr na hÉireann a cheiliúradh nó dul ar an téar?

Farraige ghlas a bhí ann; titeann an torann ó pháistí ag fás ó Ard-Oifig an Phoist anuas orm. Tarraingíonn ainmhí ollmhór mé, le fiacla géara agus súile dearga scréacha as an lucht féachana. Féachann aghaidheanna ó bhunúis dhifriúla ar dhamhsóirí ag rince, ceoltóirí ag casadh, is siamsóirí ag magadh. Méadaíonn na mílte súile fad is a shíneann ochtapas dearg a bhraiteoga thar an slua, ag baint cigilte ó pháistí is aosaigh araon.

Ar mo thaobh deis suíonn páiste corrthónach ar ghuaillí a athar agus é ag bualadh bos, gliondar air ní amháin mar gheall ar an bparáid, leis na mílte damhsóirí ildaite óga, ach mar gheall ar an airde nua atá aige. Is féidir an t-áthas a bhrath ar aghaidh an athar, ach is léir an maoithneas chomh maith; go dtuigeann sé nach mairfidh a leithéid de mhóimintí go brách; tosaíonn sé ag ceistiú a mhic; “Cad a fheiceann tú ón airde sin?”

Ar mo thaobh clé, tá grúpa de mhná bailithe le chéile. Féachaim ar an mbean is gaire dom; tá rocanna ar a héadan aici agus gúna teann uirthi. Tá sí ag damhsa go míshlachtmhar le mála donn ina lámh dheas, agus é á iompar go hard aici cosúil le trófaí. Tógann sí slogóg as an mála, agus tosaíonn sí ag canadh, ag screadach na focal amach ar bharr a ghutha. Déanaim iarracht fanacht glan uaithi agus an buidéal, agus gan a bheith ag stánadh an iomarca uirthi ach an oiread. Tá an brat Éireannach caite timpeall ar a guaillí fliuch le halcól.

Tagann déistin orm agus éirím feargach; an bhfuil an fhéile seo ag freastal ar na páistí nó na meisceoirí? Nach masla é ag ól ag an bparáid náisiúnta atá againne, paráid lán le páistí óga? Nó an é feidhm na paráide turasóirí a mhealladh is fógraíocht a dhéanamh ar an gcéad dul síos?

Croithim mo cheann agus déanaim neamhaird a thabhairt orthu; cúpla uair níos déanaí beidh mé féin is tromlach na tíre sa teach tábhairne ag ól, is cuma cén freagra a tabharfar. Fad is a sheinneann buíonta mháirseáil na paráide tríd na sráide, bogann máithreacha le pramanna daoine as an mbealach chun cosán a chruthú, iad ag glógarsach go gealgháireach lena chéile. Caitheann lámha ribíní gléineacha is sraoilleáin glasa ar an lá a dhéanann an domhan cultúr na hÉireann a cheiliúradh.

Léimeann an fharraige ghlas; déanann sé gáire is gleo is bogann sé in éineacht leis an bhféile, i gcroílár Bhaile Áth Cliath, faoi gheasa ag an ól agus ag draíocht na móiminte.

Gráinne Ní Aodha

Gluais:

Cigilt- tickles

Déistin- disgust

Buíonta- bands

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.