Luke Fitzgerald agus saol an spóirt uile ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge

Tá réalta rugbaí na hÉireann Luke Fitzgerald ag iarraidh ar an rialtas níos mó airgid a infheistiú ar theanga na Gaeilge. Dar leis, tá margaíocht níos fearr á theastáil le cuidiú le daoine atá ag foghlaim na teanga agus fosta le spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, í a labhairt.

Ag labhairt tar éis an chluiche i gcoinne na Fraince an tseachtain seo caite, dúirt an cliathánaí cáiliúil gur deas an rud é athbheochan na Gaeilge a fheiceáil. Tagann an ráiteas seo ag tús Sheachtain na Gaeilge, imeacht ina bhfuil go leor á ndéanamh chun an Ghaeilge a chothú agus daoine a spreagadh an teanga a labhairt.
Is cainteoir líofa Gaeilge é Fitzgerald agus mar fhear óg, scór is cúig bliana d’aois,  tá grá iontach aige dá chultúir agus dá theanga.  Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach nach ndéanfar dearmad ar an nGaeilge anois agus an tír ag fulaingt ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de agus le leanúint ar aghaidh ag infheistiú airgid sa teanga a thugann féiniúlacht do na daoine.  Dúirt sé go bhfuil an chumhacht ag an nGaeilge féiniúlacht a thabhairt do mhuintir na hÉireann sa domhan seo atá ag éirigh níos lú gach lá.

Ag cur síos air féin mar fhear atá paiseanta faoin nGaeilge, i rith agallaimh leis an Irish Independent le déanaí, thug sé ómós don dornálaí Bernard Dunne ar son an iarrachta atá déanta aige le cúpla bliain anuas an Ghaeilge a chothú.

“Chas mé leis tar éis cinn dár gcluichí agus tá sé ag déanamh cuid mhór oibre don teanga.”

Chuir Fitzgerald béim ar an tábhacht atá le spórt sa saol. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach rath a bheith ar chaidreamh nó ar chairdeas sa saol agus gurb é spóirt foirne ceann de na dóigheanna is fearr leis an gcaidreamh sin a chothú.

Tá roinnt daoine cáiliúla eile ag déanamh margaíochta ar an nGaeilge agus tús curtha le Seachtain na Gaeilge.  Tá an dornálaí Paddy Barnes ag déanamh a dhícheall a dtvuíteanna a bheith i nGaeilge aige agus peileadóir Bhaile Átha Cliath Ciarán Kilkenny ag tabhairt focal inspioráide dá lucht leanúna ar Twitter chomh maith:

“Tús seachtain na Gaeilge inniu, súil agam go bhfuil gach duine ag déanamh a seacht ndícheall cúpla focal a labhairt #SnaG #Spreaganteanga”.

Tá súil againn go mbeidh tionchar ag na daoine seo ar mhuintir na hÉireann, idir óg agus aosta agus go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine atá ag labhairt na teanga i rith Sheachtain na Gaeilge agus i rith na bliana chomh maith.

Maria Ní Mhaolagáin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.