An é deireadh Rangers mar dheireadh ar an iomaíocht san SPL?

Le feachtas Celtic i Sraithchomórtas Seaimpíní na hEorpa críochnaithe, tá sé in am dúinn machnamh a dhéanamh ar an séasúr go dtí seo. Ag an am scríofa, tá an fhoireann as Glaschú cúpla cluiche sraithe ón SPL a bhuachan don dara bhliain as a chéile agus sa chluiche leath-cheannais den Chorn Albanach.

In aon tír eile ar domhan, bheadh an t-éacht seo molta go hard sa spéir, ach ní mar sin a bhíonn sé i nGlaschú. Ach go háirithe an séasúr seo toisc nach bhfuil Rangers sa chéad sraith de pheil Albanach a thuilleadh.

Ar shlí amháin aontaím leis na daoine a deir nach mbeidh bua sraithe an tséasúir seo, nó na cinn a thiocfaidh sna cúpla bliain atá romhainn, ar an leibhéal céanna is a bhí toisc nach bhfuil na naimhde áitiúla sa tsraith le Celtic. Tá sé intuigthe go mbeidh an tsraith le fáil go héasca ag Celtic ar feadh cúpla bliain eile, ar a laghad, agus tacaíonn sé sin leis an argóint go bhfuil “Old Firm” láidir ag teastáil ón SPL.

Ach cosúil le gach réimse den tsochaí, má bhristear na rialacha, beifear ciontach, agus sin é go díreach atá ag tarlú do Rangers faoi láthair. Tá sé tuilte acu a bheith síos i Roinn 3, ach rud nach bhfuil tuilte acu, i mo thuairim, ná na sraitheanna a bhuaigh said sa tréimhse ama ina rabhadar ag briseadh rialacha.

Dúirt Lord Nimmo Smith, a bhí i gceannas ar an bhfiosrúcháin, nach bhfuarthas aon “buntáiste iomaíochta” ó a bheith ag tabhairt íocaíochta d’imreoirí gan an íocaíocht sin a nochtadh. Bhris Celtic a chiúnas ar chúrsaí Rangers, chun a ionadh a léiriú ar an gcinneadh sin. Caithfidh mé a rá nach n-aontaím le tuairim Lord Nimmo Smith ach oiread. Ach sin argóint do lá éigean eile, b’fhéidir.

Chun a chinntiú gur séasúr maith é seo, caithfidh Celtic an chorn a bhuachan chomh maith leis an tsraith. Chuir St.Mirren na Celts amach as an ‘Scottish Communities League Cup’ ach bhain Celtic díoltas beag amach don chailleadh sin nuair a bhuaigh said i gcoinne na ‘Buddies’ sa chluiche ceathrú ceannais den Chorn Albannach.

Chuir Heart of Midlothian na Celts as an gcorn seo anuraidh sa chluiche leathcheannais freisin, seachtain amháin tar éis do na Celts an tsraith a bhuachan i gcoinne Kilmarnock. Ní bheidh sé éasca i gcoinne Dundee United, atá faoi stiúir iar-imreora Celtic, Jackie McNamara. Beidh Neil Lennon agus a fhoireann ag iarraidh an choirn a bhuaigh said in 2011 a fháil ar ais, gan dabht.

É sin ráite, cuimhneoidh leantóirí Celtic ar an séasúr seo ar feadh tamaill fhada. Gan amhras, ba é buaicphointe an tséasúir an chluiche i gcoinne Barcelona in Parkhead. Bhí an t-ádh liom a bheith sa staid don oíche sin agus bhí an t-atmaisféar dochreidte. B’ócáid ceiliúrtha ar fad a bhí ann toisc go raibh an fhoireann Albanach 125 bliain ar an bhfód an oíche sin. Ansin tháinig Tony Watt ar an bpáirc agus, bhuel, tá gach rud eile mar chuid den seanchas anois, mar a deirtear. Cé nach bhfuil an iomaíocht chéanna ann sa sraithchomórtas anois, táthar ag súil le neart oícheanta stairiúla sa todhchaí fós.

Darragh McGhee

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.