Ceathrar i bpríosún i ndiaidh Harlem Shake a dhéanamh ar shráideanna Éigipte

Is é an damhsa is cáiliúla atá a fhios ag daoine ar fud an domhain – An Harlem Shake. Téigh ar an idirlíon agus feicfidh tú go leor físeán ar shuíomhanna éagsúla de dhaoine ag déanamh a leaganacha féin de.

Ach cad é An Harlem Shake? Seo é an smaoineamh atá taobh thiar den damhsa. Maireann sé tríocha soicind. Tosaíonn siad le duine amháin, ag caitheamh hata nó maisc, ag damhsa leis no léi féin ar feadh cúig déag soicind. Ansin, ritheann go leor daoine eile isteach san fhís agus tosaíonn siad ag déanamh damhsa craiceáilte le chéile. Sin é go bunúsach.

Bhí grúpa déagóirí ón Astráil mar na chéad daoine a rinne an damhsa. Chuir siad físeán ar an suíomh idirlín Youtube an mhí seo caite agus anois tá beagnach sé déag milliún amharc aige. Faoi láthair, tá YouTube lán le físeáin mar seo, agus caitear a admháil go bhfuil an-chuid acu fíorghreannmhar.

Tá cáil an damhsa le feiceáil sna físeáin go léir agus na tíortha go léir ina bhfuil siad.  Tá ceann déanta le triúr as an tSín agus chuir grúpa daoine ón Éigipt físeán ar Youtube ag déanamh an ‘Harlem Shake’ os comhair Na Pirimide. Bhí duine amháin ag caitheamh fo-éadaí bán, carbhat cuachóige agus é ag marcaíocht camaill san fhís áirithe sin.

Ach, ní bhaineann gach duine taitneamh as an damhsa cáiliúil nua. Tá ceathrar mac léinn ollscoile i dtrioblóid san Éigipt de dheasca an damhsa seo. Dúirt na póilíní áitiúla gur chuir siad na buachaillí i gcill faoi ghlas, a tharla coicís ó shin. Chuir siad fearg ar na daoine atá ina gcónaí ar shráid i gCaireo nuair a bhain siad an chuid is mo d’éadaí díobh, agus thosaigh siad ag damhsa i lár an bóthair, ag iarraidh físeáin eile a chruthú.

Faraor, níl cead ag muintir na hÉigipte a bheith ag iompair ar nós na mac léinn seo agus tá an dlí an-chrua sa tír. Rinne cúpla duine, a bhí ag breathnú ar na mic léinn agus a diabhlaíocht seo, iarracht ionsaí a dhéanamh orthu. Bíonn dlíthe déine i gceist maidir le mígheanas poiblí agus is dócha go ndeachaigh na mic léinn seo thar fóir.

Dúirt póilín amháin go bhfuil na mic léinn ciotacha tar éis “gníomh scannalach” a dhéanamh. B’fhéidir gur ceacht é anseo don cúpla amadán eile a chuirfidh físeán leadránach den Harlem Shake ar an idirlíon – físeáin mhaithe, le do thoil, nó éirí astu.

Claire O’Connell

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.