Nuair a bhris an nuacht go mbeidh an nuachtán Gaeilge ‘Gaelscéal’ curtha as cló i gceann míosa, tháinig ceist, a bhí i gcónaí ag crochadh thart maidir le foilseacháin Ghaeilge, chun cinn: ‘An bhfuil deireadh ag teacht le ré na bhfoilseachán Gaeilge clóite?’
Chonacthas na fadhbanna a ghabhann le nuachtán Gaeilge a choimeád ar an bhfód le Foinse, nuair a imigh sé as cló ar feadh cúpla bliain. Is dualgas agus post achrannach é a bheith i d’iriseoir Gaeilge agus bítear i gcónaí do do cheistiú. ‘Cén maitheas a ghabhann leis?’ ‘An léann aon duine an nuachtán fiú?’ ‘Nach fiú scéal a bhriseadh trí mheán an Bhéarla?’ Tuigim féin an deacracht, go háirithe nuair a bíonn an mothúchán ann, agus is fíor seo, nach léitear an rannóg Ghaeilge nó arís nach fiú é. Glacaim leis, go háirithe mar is nuachtán lonnaithe sa choláiste é, go bhfuil ach mionlach a bheadh suim agus cumas acu an rannóg a léamh. Ach nuair is nuachtán náisiúnta é, foilsithe ar fud na tíre, atá i mbaol agus a bhíonn ag streachailt chun na léitheoirí a choinneáil, léiríonn sé an trioblóid atá os comhair foilseachán Gaeilge.
Dúirt Foras na Gaeilge, a mhaoiníonn Gaelscéal, go mbeidh siad ag smaoineamh faoin bpáipéar a choimeád ar líne seachas é a scaipeadh sna siopaí ach cén maitheas a dhéanfaidh sin i ndáiríre? Tá roinnt suíomh nuachta Gaeilge ann cheana féin, cosúil le Nuacht24, saol.ie, Gaelport agus fiú Foinse (atá clóite freisin). Ba rud ar leith é Gaelscéal toisc go bhfuil Foinse curtha isteach leis an Irish Independent gach uile Chéadaoin. Bhí Gaelscéal leithleach mar go raibh sé go hiomlán neamhspleách ón mBéarla.
De réir dealraimh, bronnadh €1.6 milliún ar Gaelscéal ach níor díoladh ach thart ar 1,500 cóip den nuachtán in aghaidh na seachtaine, timpeall na tíre. Dúirt foinsí gar don Aire Stáit ar an nGaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, go raibh “the days of blank cheques for the Irish language are over”.
Tarlaíonn sé níos minice ná a mhalairt, go ndíríonn an rialtas isteach ar chúrsaí Gaeilge mar shaghas rogha éasca chun airgead a shábháil. Déantar sceilpín gabhair aisti an iomarca uaire agus is scannal é, go háirithe nuair is céad teanga na tíre í de réir na bunreachta. Féach ar na ciorruithe ar Ghaelscoileanna agus a leithéid.
Ach an aon ionadh é go bhfuil deireadh ag teacht le ré an nuachtáin seo? Níl.
Bronnadh breis is milliún euro air ach bhí a chiorclaíocht fós go dona agus ní féidir an t-airgead sin a fuair siad a chosaint mura bhfuil daoine á cheannach. Léigh idir 300-400 duine an leagan digiteach gach seachtain agus tá 1,000 síntiúsóir ag an seirbhís nuachta digiteach. Ach ní leor sin.
Rinne mé féin iarracht é a chur ar fáil ar champas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus léiríodh suim é sin a dhéanamh. Diaidh ar ndiaidh áfach, stop an teagmháil leo agus ba léir dom nach raibh siad chun é a dhíol sa choláiste, ina bhfuil an scoil Ghaeilge, Fiontar, lonnaithe. Coláiste ina bhfuil na céadta de Ghaeilgeoirí ann.
Níor rún é nach raibh mórán cóipeanna díolta aige, ach dá mbeadh mac léinn OCBÁC ag iarraidh é a cheannach, bheadh orthu freastal chun na cathrach. Ní fiú é, is cosúil.
Thosaigh Concubhar Ó Liatháin, scríbhneoir le Gaelscéal agus atá mar eagarthóir ar an suíomh igaeilge.ie, feachtas i gcoinne chinneadh an rialtais, chun “deis a thabhairt do dhaoine a thacaíocht a léiriú ar Gaelscéal”.
“Nílim cinnte an dtabharfaidh an rialtas aon aird ar an achainí seo, ach tá sé tábhachtach nach leanfar ar aghaidh leis an gcinneadh gan aon duine ina choinne.
“Más mian leat taca le Gaelscéal ar leibhéal praiticiúil, bheartaigh leat féin an nuachtán a cheannach gach seachtain roimh an eagrán deireanach”.
Faoin am scríofa, tá an achainí sínithe ag 844 duine, le 1,000 mar aidhm aige, agus is féidir cúpla rud a thógáil as sin. Tá seans láidir ann nach bhfuil an achainí feicthe ag roinnt daoine. Araon le sin, tá seans láidir nach bhfuiltear ag síniú é d’aon turas. Nó is féidir a rá nach n-úsáideann an-chuid de léitheoirí an nuachtáin an t-idirlíon, rud a léiríonn an baol atá os comhair Gaelscéal dá gcuirfí ar líne amháin é. D’fhéadfaí an-chuid dá léitheoirí a chailliúint mura bhfuil cóip chrua dó ar fáil.
Maíonn Gaelscéal gurb é mar an dara suíomh is mó ráchairt air, maidir le cúrsaí na meán Gaeilge. Más fíor sin, i dteannta na ciorclaíochta ísle, is fusa le feiceáil an fáth go bhfuil Foras na Gaeilge ag díriú ar é a chur ar líne amháin. Níos saoire, níos éasca, níos inrochtana. Aontaím leo ar bhealach.
É sin ráite, ní féidir é a shéanadh go ndéanfaidh sé seo dochar don mheas atá ag daoine ar ár dteanga agus go mbeidh iriseoireacht Ghaeilge i bhfad níos laige gan an nuachtán ar an bhfód. Ach tá go leor mac léinn ann le suim acu foilseacháin Ghaeilge a léamh, fiú mura bhfuil cumas rómhaith acu sa Ghaeilge. Theip ar Gaelscéal iad a mhealladh trína dhroch-mhargaíocht agus easpa ciorclaíochta. Phlé mé leo rannóg bheag a chur ann a mbeadh mic léinn i gceannas air, agus theip ar sin. Ní rud éasca é sin a chur i bhfeidhm gan amhras, ach ba rud é a tharraingeoidh mic léinn ina threo- rud nach rabhthas á dhéanamh i mo thuairim. Deirtear go dtugtar 1,000 cóip saor in aisce do scoileanna in Éirinn agus go mbíonn timpeall ar 1,000 cuairteoir seachtainiúil ar a shuíomh idirlín ina theannta sin, agus molaim go hard an obair atá déanta acu- d’iriseoireacht Ghaeilge agus don teanga é féin. Is mór an true é go mbeidh sé as cló ag deireadh mhí na Márta, ach in ainneoin an díomá a bhí orm nuair a briseadh an scéal, níl ionadh orm go bhfuil críoch Gaelscéal linn.
Derek O’Brien
Leave a Reply