Gardaí níos gaire do ghníomhaíocht thionsclaíoch i ndiaidh vótaí eile ina fabhar

Beidh ar theaghlaigh timpeall na tíre a bheith cinnte go bhfuil na haláraim ag feidhmiú i gceart leis an nuacht go bhfuil níos mó Gardaí tar éis tacaíochta a thabhairt i bhfabhar gníomhaíocht thionsclaíoch. Tá an ghníomhaíocht seo ag tarlú de dheasca na gciorraithe ar a dtuarastal, atá pleanáilte ag an rialtais de réir dealraimh.

Tháinig an fearg go léir chun solais nuair a iarradh ar na Gardaí níos mó ná €60 milliún (6%) den bhilliún iomlán a íoc, i dtionscnamh shábhála costais sa leasú ar Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.

D’aontaigh baill de Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i dTiobraid Árainn lena gcomhghleacaithe i Luimneach agus Corcaigh chun dul i mbun oibre de réir rialach. Bhí an rud céanna á phlé i gcruinnithe a tharla i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí.

Chuaigh cruinnuithe eile ar aghaidh ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus faoin am scríofa níl aon ghníomhaíocht ag dul ar aghaidh ach tá seans láidir go mbeadh nuair a foilseofar an t-alt seo.

Chuir na cruinnithe go léir brú ollmhór eile ar an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, agus ar Choimisinéir na nGardaí, Martin Callinanan.

Tá an dainséar ann anois go bhfuil seo chun tús a chur le le gníomhaíochtaí tionsclaíochta eile trasna na tíre ar fad.

Bhuail breis is 200 Garda le chéile i nDurlas, áit a raibh vóta d’aon ghuth i bhfabhar an ‘blue flu’. Tharla trí vóta mímhuiníne ina theannta sin, vótaí i gcoinne an Taoisigh Enda Kenny, an tAire Shatter agus an Coimisinéir Callinan.

Is obair de réir rialach difriúil é seo seachas an gnáthcheann. Tugtar ‘blue flu’ ar an ngníomhaíocht seo agus má bheartaíonn na Gardaí Síochána glacadh leis, maífidh siad go léir go bhfuil siad ar fónamh agus nach féidir leo freastal chun oibre ar dháta áirithe atá roghnaithe acu.

Tá sé in aghaidh an dlí dá rachadh na Gardaí ar stailc iomlán, ach tá obair de réir rialach ceadaithe.

Tá sé ráite ag Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, a dhéanann ionadaíocht ar 13,424 gnáthbhall de na Gardaí, nach ndéanfaidh siad aon idirbheartaíocht maidir le gearradh siar ar phá na nGardaí nó a liúntais. Bheadh siad sásta éisteacht le haon togra nó tionscnaimh shábhála costais fad is nach bhfuil tionchar acu ar phá nó uaireanta oibre na nGardaí.

Rinne Cumann na Sáirsintí Garda agus gCigirí, a dhéanann ionadaíocht ar 2,000 oifigeach, an cinneadh céanna seachtain roimhe sin nuair a tharraing siad amach as idirbheartaíocht ar phá.

Tharla an ‘blue flu’ don chéad uair 15 bliain ó shin, nuair a rinne go leor Gardaí gearán faoi phá agus choinníollacha.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí ag an am sin, Pat Byrne, gur “lá dorcha” é, ach sa chás sin bhí rath orthu sna díospóireachtaí ar cúrsaí airgeadais.

Tá sé deacair a rá cé chomh rathúil is a bheidh siad an uair seo áfach, leis an gcor chun donais eacnamaíoch ag leanúint ar aghaidh. Beidh sé suimiúil le feiceáil cad a tharlaíonn le linn na seachtainí atá romhainn.

Derek O’Brien

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.