‘Bhfuil sibh ag caitheamh na Haise? An chlib imithe sa Fhrainc

Tá rialtas na Fraince tar éis coisc a chur ar úsáid an téarma Haisclib (Hashtag) i gcáipéisí oifigiúla Fraincise. Is mar chuid den straitéis chun stop a chur le focail Bhéarla ag teacht i dtír ar a dteanga féin.

Chuir an ‘Commission Générale de Terminologie et de Néologie’ (Coimisiún Théarmaíocht na Fraince), ón roinn rialtais an ‘Academie Francaise’, an cosc i bhfeidhm ag críoch mhí Eanáir. D’fhógair an coimisiún gur cheart an téarma ‘mot-dièse’ a úsáid nuair a fheictear an tsiombail ‘#’ i gcló.

Níl an téarma ‘hashtag’ an t-aon téarma a bhfuil an Comisiúin Téarmaíochta na Fraince ag iarraidh fáil réidh leis ón bhFraincis áfach. Scaoil Roinn Chultúir na Fraince liosta fada ar a suíomh do théarmaí Béarla atá sé i gceist acu cosc a chur orthu, mar a rinneadh le ‘Hashtag’.

Is téarmaí Béarla a úsáidtear i ngnáthréimsí na Fraincise faoi láthair a foilsíodh ar an liosta. Mar shampla, cuireadh téarmaí ar nós, ’email’, ‘blog’, ‘supermodel’, ‘take-away’, ‘detachable motor caravan’, ‘parking’, ‘weekend’ agus ‘shadow-boxing’ go léir ar an liosta.

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún Téarmaíochta an teanga Fhraincise a chur chun cinn chomh maith le galldú nó tionchar coigríche a sheachaint. D’ordaigh Rialtas na Fraince go ndéanfadh an Coimisiún tuairisc ar thionchar an Bhéarla ar an teanga Fhraincise dhá bhliain ó shin.

Dar leis an tuairisc, in ainneoin na fírice go bhfuil 200 milliún cainteoir Fraincise ar fud an domhain, tá an chuma ann go bhfuil an domhan a labhraíonn Fraincis ag dul i léig toisc go dteipeann ar an bhFrainc a teanga féin a chur chun cinn. Is toradh é an liosta de théarmaí Béarla ón bhfiosrúchán sin.

Níor ghlac lucht Twitter leis an moladh ón gCoimisiún, áfach. Dar leo tá dhá fhadhb mhór leis an téarma ‘mot-dièse’.

Scríobh go leor daoine ar Twitter gurbh é an fhadhb is mó leis ná nach féidir an tsiombail a sheasann an téarma di (#) a chur roimhe ar Twitter, toisc go bhfuil fleiscín sa téarma. Fadhb eile a phléitear ar Twitter ná nach gciallaíonn an téarma Béarla agus an téarma nua Fraincise an rud céanna. Is téarma é ‘Hashtag’ don tsiombail a sheasann do ghiorrúcháin den fhocal Béarla ‘Number’ (No.). Ach aistríonn an téarma Fraincise ‘dièse’ mar ‘géir’ téarma a úsáidtear i réimse an cheoil.

Tosaíodh feachtas ar Twitter le déanaí ag úsáid na haischlibe ‘#teamcroisillion’ chun an téarma ‘Croisillion’, a chiallaíonn ‘laitís’, a úsáid mar théarma oifigiúil ar haischlib.

Ní thiocfaidh an cosc nua ar théarmaí Béarla i bhfeidhm ar phobal na Fraince. Ní fheicfear aon athrú ach amháin i bhFraincis an Rialtais.

Seán Ó Sní

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.