Nuair is féidir le solas a theacht as an dorchadas

Labhair an t-eagarthóir Gaeilge Derek O’Brien le Brian ‘Bribry’ O’Reilly le déanaí, fear le sraith fhíseanna atá ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis i seomra leapa beag.

Ailse. Ceann de rudaí is measa ar domhan. Teaghlaigh scriosta aici, deireadh curtha le caidrimh agus eagla an domhain spreagtha i ndaoine nuair a chloistear a hainm. Athraíonn meanma dhaoine faoin saol dá deasca. Ach do ‘BriBry’ Brian O’Reilly, spreag an galar uafásach seo dó a shaol a athrú.

I mí na Bealtaine 2010, chaill Bribry agus go leor daoine eile dlúthchara- Ross Nugent. Is de dheasca an ghalair Ewings Sarcoma a chaill siad é. D’fhéadfadh le gach dóchas a éirigh as a saol i ndiaidh eachtra mar sin.

Bheartaigh an fear ard as Mullach íde a mhalairt a dhéanamh áfach. Bhí sé chun rud suntasach a dhéanamh lena shaol. Léirigh Ross dó cé chomh lómhar is atá an saol agus is as seo a d’eascair an tsraith fhíseanna ar Youtube, ‘Things To Do Before You Die’.

Agus é ag labhairt liom, ba léir dom cé chomh ionraic is a bhí sé agus mhothaigh mé gaol lena chara Ross, cé nach raibh aithne pearsanta agam air.

“Ghoill an bás ar an oiread sin daoine, tháinig sé aniar aduaidh orm. Ba dhuine ar leith é Ross. Fiú nuair a bhí sé ag éirí níos laige, níor athraigh a mheanma faoin saol. B’inspioráid é d’aon duine”

Thosaigh Bribry amach ina sheomra codlata le ceamara ar ríomhaire glúine agus liosta le háireamh de rudaí ar mhaith leo a bhaint amach agus é fós beo.  Anois, tá breis is 80,000 síntiúsóir ar Youtube aige agus tá beagnach cúig mhilliún adharc ar a fhíseanna go léir- rud nár shamhlaigh an siamsóir riamh.

“Níor cheap mé go dtarlóidh an rath seo dom- sin an fhírinne dhearg.  Bhí an t-ádh orm le go leor físeanna agus fuair mé cabhair le roinnt acu, rud atá mé chomh buíoch faoi”.

Stop sé ar feadh soicind agus é i lár cainte. Sin rud a thug mé faoi deara i rith an agallaimh. Níor mhian leis aon bhréag a insint, nó aon ionadaíocht mhícheart a dhéanamh ar féin.

“Déanta na fírinne, b’fhéidir nach bhfuilim buíoch go leor faoin rath a tharla dom. Fós cuireann sé isteach orm nuair a chruthaíonn buachaill Meiriceánach fís…bhuel, níl mé ag iarraidh eascaine a rá, ach fís náireach a fhaigheann na milliúin adharc. Ba chóir go mbeadh lucht Youtube amuigh ar na sráideanna níos mó is dócha”.

I gcónaí mar an siamsóir. Bhí an ceart aige ar bhealach áfach.

Téann gach cuid den airgead a ghineann Brian ón tsraith Youtube ar son carthanais. Ar son Fondúireacht Ross Nugent. Chuir teaghlach Ross an fhondúireacht ar an bhfód in 2010, in ómós Ross.

Cabhraíonn Brian le hócáidí tiomsaithe airgid agus díolann sé bannaí rosta dearg dóibh freisin- bannaí a chonacthas ar lámha dhaoine cosúil le Jamie Heaslip, Jonathan Ross agus Jamie Oliver.

Níl aon rud ar an mbanna seachas an abairt “What would Ross do?”.

Is abairt shimplí í. Ach tá cumhacht fíorláidir ag baint leis. Agus é tinn, bhí Ross fós ag iarraidh airgead a bhailiú chun monatóir ar bhrú fola a cheannach d’Ospidéal Beaumont. Léiríonn sé sin, agus an abairt sin, pearsantacht Ross agus an dearcadh a bhí aige.

Níos mó ná dhá bhliain i ndiaidh a bháis, ba léir go mbíonn sé fós i meon Bhrian go rialta.

Bhí atmaisféar éadrom agus greannmhar ann san agallamh i gcónaí- d’fhás an t-atmaisféar i gcónaí ó Bhrian. Bhí sé beagnach neamhfhéideartha dom gan a bheith ag gáire nó cosc a chur ar an meangadh gáire ag scaipeadh thar m’aghaidh. Ach d’athraigh an t-atmaisféar nuair a labhair sé faoi Ross, agus d’athraigh mo mhothúcháin féin.

Ba léir dom gurb as seo a tháinig rath Brian. Seo fear inar féidir gaol a chruthú leis chomh éasca sin agus is cosúil gur chruthaigh 80,000 duine an gaol céanna.

Taobh amuigh den obair charthanach is amhránaí é freisin agus is le dea-chuimhne a bhreathnaigh sé siar ar an am a sheinn sé san amharclann o2 anseo i mBaile Átha Cliath.

“Bhí sé dochreidte. Bhí mo chosa ag crith agus mé ar an stáitse. Dhá bhliain roimhe sin, bhí mé ag seinm ceoil do cheathrar. Ansin, bhí 10,000 duine os mo chomhair.”

Bhí Brian ábalta m’aird a choimeád i gcónaí, fiú nuair nach raibh sé ag déanamh ach ag seiceáil a fhóin nó ag cuimhnigh siar ina cheann ar feadh tamaill. Ba thréith nádúrtha agus inbheirthe é seo a bhí aige. Níl an tréith sin ach ag cúpla duine.

I gceann cúig bhliana, tá Brian dóchasach go mbeidh sé geallta agus go mbeidh an ceol mar shlí bheatha aige.

“Dá dtarlódh sé go mbeinn greamaithe in oifig, cúig lá in aghaidh na seachtaine ó a naoi a chlog go dtí a cúig, bhuel theipfinn mar sin. Bheadh teipthe ormsa agus ar na daoine a thug an oiread sin tacaíocht dom”.

Fós agus a rath ag méadú, coinníonn Brian an-umhal. Níl sé sin chun athrú, is fusa a fheiceáil.

D’fhág mé an t-agallamh lán le mothúcháin, réidh le machnamh a dhéanamh ar mo shaol féin. Ní chríochnaíonn daoine deasa san áit dheireanach is cosúil.

Is féidir na físeanna go léir a fheiceáil tríd an nasc seo: http://www.youtube.com/user/bribryontour

Derek O’Brien

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.