Óg, Éireannach agus go hiomlán i bhfabhar na Gaeilge

Ar an 11 Samhain anuraidh, d’fhógair an tUachtarán gurb é an togra seo, seimineár do dhaoine óga amháin, an chéad seimineár a theastaigh uaibh a chur ar siúl. “An Óige agus an tÉireannachas’ an t-ainm a thug sé don tionscadal. Chuir Micheal D Higgins cuireadh do dhaoine óga idir 17 agus 26 a bhfís a chur in iúl. Chuir sé ceithre cheardlann réigiúnacha ar siúl timpeall na tíre- ceann i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Muineachán agus i nGaillimh. Bhí 100 duine óg i láthair ag gach ceardlann.

Diaidh ar ndiaidh glac beagnach 800 duine páirt sa togra “An Óige agus an tÉireannachas 2012”, toisc go raibh deis ag daoine óga a bhfís a chur in iúl don Uachtarán ar thaifead fuaime nó físe agus i scríbhinn freisin. Ansin fuair 100 duine a ghlac páirt ann cuireadh chuig Áras an Uachtaráin ar an 17 lá den mhí seo, agus cuireadh ceist ar Paula Melvin a bheith mar bhean an tí ar an ócáid. D’inis sí a scéal leis The College View.

Ba mhór an onóir í é a dhéanamh agus bhí áthas an domhain orm go raibh sé déanta go dátheangach. Togra an Uachtaráin ab ea é agus ba léir go bhfuil sé i gceist aige ár dteanga a chur chun cinn.

Ach is léir nach bhfuil an tUachtarán leis féin agus é ag tabhairt tacaíocht láidir don Ghaeilge. Ar an Satharn, bhí an dearbhú “Glac Seilbh ar Athrú” á scríobh againn- sin ár bhfís don tír agus céard a theastaíonn uainn a athrú in Éirinn agus thugamar don Uachtarán agus do Frances FitzGerald, Aire na Leanaí é. Mhol gach duine a bhí i láthair moltaí le dul isteach sa dearbhú seo. Ansin caitheadh vóta ar son na gceann is tábhachtaí.

Tháinig an Ghaeilge chun cinn go mór agus bhain moladh maidir leis an teanga an méid is mó vótaí amach. Cur chuige athnuaite dhá chuid i dtaca le múineadh na Gaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireachta a bhí iontu; ábhar (éigeantach) a dhíríonn ar labhairt na teanga mar an chéad chuid agus ábhar (roghnach) a dhíríonn ar litríocht na Gaeilge an dara cuid, a mbeidh Gaelscoileanna mar bhonn dóibh. As na 15 moladh a d’éirigh leo spás a fháil sa dearbhú, bhain moladh eile maidir lenár dteanga an tríú háit amach. “Deiseanna sóisialta a fhorbairt don Ghaeilge” (rud cosúil leis na Gaeil Óga). Bhain moladh maidir leis an ‘X Case’ an dara háit amach. Bhí sé thar a bheith oiriúnach go raibh muid i seomra Dubhghlas de hÍde san Áras agus an Ghaeilge á cur chun cinn againn. Bheadh an Craoibhín Aoibhinn iontach sásta le céard a bhí á rá againn.

Chuir sé iontas agus gliondar croí orm gur tháinig an Ghaeilge chomh láidir chun cinn ach go háirithe nuair a cuireadh í i gcomparáid le táillí ollscoile, dífhostaíocht srl. Go bhfios domsa, is é seo an chéad uair gur a thug aos óg na tíre tacaíocht chomh láidir agus chomh soiléir le seo. Is cúis bróid domsa go raibh mé bainteach leis. Tugann sé teachtaireacht láidir do cheannairí na tíre ach go háirithe.

Táimid, na daoine óga idir 17-26, go léir iontach buíoch dó as an deis iontach seo a thabhairt dúinn lenár bhfís don tír a chuir i láthair. Ach ní hé seo ach tús an scéil…mar a deirtear sa Bhéarla “you ain’t seen nothing yet”.

Cuireadh ár bhfís faoi bhráid na rannaí rialtais go léir agus seoladh chuig na meáin é freisin. Mar sin tá súil againne go rachaidh ceannairí na tíre seo i gcomhar linne chun ár bhfís don tír a bhaint amach agus beidh muid ag coimeád súil ghearr amach le freagra an rialtais ar an dearbhú seo.

Paula Melvin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.