Saol an scéalaithe, saol an tsean-iriseora agus saol an iriseora nua-aimseartha

Ciúin an baile é Loch Garman. Ciúin do dhaoine áirithe. Ach do ghairm amháin, níor stop an ghníomhaíocht riamh. I Loch Garman inniu, stopann scéalaí amháin chun taithí a shaoil a insint.

Insíonn saol Hilary Murphy scéal. Dá shaol ar fad, tá sé tar éis scéalta a insint. Tá sé tar éis dul siar ar scéalta dhaoine eile. Tá blianta caite aige ag tochailt ar scéalta ó fadó.

Is scéalaí é Hilary Murphy ar ndóígh. Deireann sé sin é féin. Iriseoir, scríbhneoir sé leabhar agus eagarthóir ab ea é. Iar-eagarthóir ‘People Newspapers’ thoir theas na hÉireann, le colún fós aige gach uile sheachtain in ‘Ireland’s Own’, roinnt colún scríofa aige ina shaol don Irish Times agus an Irish Independent.

Tá a fhios ag Murphy cé mise. Tá fhios aige cén fáth atáim ann. Ach ligim dó caint. Is é atá chun tosaigh, is ligim dó an stiúir a thógáil. Ceistíonn sé mé faoi m’iriseoireacht, agus mothaím fíorbheag ag cur m’oibre i gcomparáid leis an méid atá déanta aige.
Ach fós, ní labhraíonn Murphy aníos orm. Mothaím ar chomhchéim leis.

“Tá sé aisteach dom, ag freagairt na gceisteanna in ionad iad a chur”, a deireann sé le gáire beag leis féin.

Ceistím Murphy faoina óige. Beirthe i sráidbhaile beag Teach Moshagard taobh amuigh den bhaile iascaireachta cáiliúil An Chill Mhór, tógadh ar fheirm é, idir sin agus teach a sheanthuismitheoirí i Scrín. Is cuimhin go maith leis, ó aois óg, rothaíocht idir an dá theaghlach, os cionn 25 ciliméadar. Gaeilgeoir fíorbhródúil é a athair Seán, ar thaisteal thar na tíre ag múineadh na Gaeilge ar son Chonradh na Gaeilge i scoileanna scairte.

Ag dhá bhliana déag d’aois, cailleadh a athair. Ceapadh go mbeadh sé ag freastal ar Choláiste Naomh Peadar cosúil lena deartháireacha, d’athraigh sé a intinn, agus d’fhreastal sé ar an Scoil Teicniúil Loch Garman, an áit inar spreagadh suim na scríbhneoireachta ann.
Ar chríochnú na scoile, fuair Murphy post díreach isteach in ‘People Newspaper Group’. Na blianta caite ag Murphy ag taisteal thar Loch Garman agus Cill Mhantáin, ag crith a chinn á rá liom; “Ag seasamh ar thaobh pháirc pheile, stealladh báistí, agus ní raibh mé ag iarraidh ach cupán tae”. Ní taitneamhach a bhí saol na hiriseoireachta dó i gcónaí fad is a bhí sé óg.

Ach d’athraigh rudaí, agus d’fhorbair a ghairm go sciobtha, agus le linn cúpla bliain bhí sé mar leas-eagarthóir. “Thaitin sé liom, ar bhealach, bhí cumhacht agam ach ag an am céanna d’airigh mé i gcónaí a bheith ar an mbóthar, níor thaitin deasc liom ar an méid céanna”.
Is dochreidte an méid atá cúrsaí tar éis athrú ó shin ó thaobh na hiriseoireachta de, agus mé féin ag cur an ailt seo le chéile ar ríomhaire glúine.

D’éirigh saol na deisce go leadránach, agus “d’éirigh mé as ag 58 bliain d’aois. Bhí mé braon de agus bhí cúrsaí eile i mo shaol”. Ach níor stop Murphy lena scéalta, lean sé air le suimeanna eile; go háirithe a obair mar staraí muintire. Mar phríomh-thaighde oir anois do ancestry.com, tá méid ollmhór measa tuillte aige, agus roinnt leabhar scríofa aige chomh maith ar an ábhar. Tóir ollmhór anois air ó thaobh taighde de.

Is é seo ach achoimre gairid ar saol an scéalaithe, agus an méid bealaí inar féidir leat do shaol a chaitheamh ar scéalta iad féin, ach tá sé lán-soiléir gur féidir le do shaol iomlán a bheith gafa le scéalta gach duine eileseachas le do scéalta féin.

Padraig Ó Cairbre

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.