Agóidí ag dul ar aghaidh maidir le táillí ollscoilemic léinn gan bhia agus gan airgead cíosa

Tá suas le 1,500 mac léinn i gColáiste na hOllscoile Chorcaí (COC), Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (ITC) tar éis máirseáil go hoifigí Theachta Dála Fhine Gael Jerry Buttimer. Mháirseáil an slua ar Luan 5 Samhain ag rá nach féidir leo íocadh as bia, cíos nó táillí ollscoile. Bhuail an tUasal Buttimer leo lasmuigh dá oifig dháilcheantair sa Ghlaisín.

D’iarr na mac léinn air gealltán a shíneadh chun vótáil i gcoinne an bhuiséid atá le teacht más rud é go mbíonn ciorraithe ar an deontas cothaithe nó ardú ar tháille ranníocaíochta na mac léinn mar chuid de. Dhiúltaigh an tUasal Buttimer an gealltán a shíneadh ach dúirt sé go gcuireadh sé an fhadhb os comhair a chomhghleacaithe.

“Mar dhuine a d’fhreastal ar oideachas tríú leibhéal agus a aithníonn an tábhacht atá leis, d’éist mé le céard a bhí á rá acu agus rachaidh mé ar ais chuig an Rialtas le sin atá ráite agaibh. An rud tábhachtach ná go gcónaíonn muid i ndaonlathas. Táimid i lár buiséad casta. Tá tábhacht le céard a dúirt sibh inniu ach níl aon réiteach simplí air.”

Fuair Oifigeach Leasa COC Dave Carey, 300 iarratas i dtréimhse coicíse ó mhic léinn atá ag tnúth le hairgead a fháil ó chiste Eorpach do mhic léinn ar an ngannchuid. Tá an tUasal Carey buartha go mór faoi mhic léinn lánfhásta agus iarchéimithe ach go háirithe.

“Tá an deontas iarchéimithe gearrtha acu (an Rialtas) arís i mbliana. Tá ísliú 17% tagtha ar chlárú iarchéime na bliana seo amháin toisc nach bhfuil aon deontas ann… Tá daoine ag teacht isteach chugam ar bhonn seachtainiúil nach féidir leo íocadh as bia, cíos nó costais théimh.”

Ba é agóid Coláiste na hOllscoile Chorcaí an chéad cheann de shraith náisiúnta i gcoinne an Stáit a mbeidh ag tarlú ar fud na tíre.

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais Ruairí Quinn go mbeidh ardú €250 ar tháille ollscoile gach bliain go 2015 nuair a shroichfidh siad costas €3,000.

Beidh reifreann ag Aontas na Mac Léinn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar tháillí ollscoile chun teacht ar chinneadh ar an modh maoinithe gur chóir don Aontas stocaireacht a dhéanamh air. Beidh mic léinn in ann a vótaí a chaitheamh ar an 21 agus 22 Samhain. Beidh díospóireacht ar an topaic seo ar siúl ar an 19 Samhain ag a 6 i.n. Tá an t-ionad fós le bheith deimhnithe.

Gluais
Ar an ngannchuid – in dire straits
Mic léinn lánfhásta – mature students
Maoiniú – financing

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.