Maíonn suirbhé Eorpach go bhfuil an Ghaeilge i mbaol faoi bhás digiteach a fháil

Tá an dainséir ann go dtiocfaidh bás digiteach ar an nGaeilge mar go bhfuil easpa mais chriticiúil d’inneachar Gaeilge digitithe ann, dar le páipéar bán Eorpach a foilsíodh le déanaí. Dóibh siúd nach bhfuil mórán cur amach acu ar chúrsaí ríomhaireachta teicniúla, is é nach bhfuil an Ghaeilge á n-úsáid go forleathan sa réimse digiteach.

Foilsíodh ‘An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach’ ag deireadh mhí Mheán Fómhair seo haite. Chuir acadóirí ó Choláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Saint Louis chomh maith leis an Dochtúir John Judge ó Ionad Logánú an Chéad Ghlúin Eile (OCBÁC) an páipéar le chéile. Tá sé ráite go bhféadfadh le cur i bhfeidhm teicneolaíocht teanga feabhas a chur ar chúrsaí Gaeilge in Éirinn agus go mbeadh féidearthachtaí ann poist a chruthú sa réimse níos leithne de theicneolaíochta teanga agus logánú.

Táirgeann teicneolaíocht teanga bogearraí atá in ann teanga scríofa nó labhartha a phróiseáil. Sampla dóibh siúd ná seiceálaithe litriú agus graiméar agus na ‘guthanna’ a mbíonn ar chórais Sat Nav. I leith thionsclaíocht teanga na tíre seo, tá 166 cuideachta sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta . Meastar go raibh luach €686 milliún ann don gheilleagair mar thoradh ar an tionsclaíocht seo in 2011.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. go “léiríonn suíomhanna ar nós logainm.ie agus focal. ie cé chomh tábhachtaí is atá an cheist seo i.e. go mbeadh an Ghaeilge agus teangacha eile i lár mhargadh na teicneolaíochta. Braitheann an nuálaíocht ar éagsúlacht, ar dhifríocht agus ar chumarsáid – feictear dom mar sin go bhfuil teangacha fíorthábhachtach sa réimse seo.”

Deir an Dr Judge go bhfuil sé deacair teacht ar chéimithe le spéis acu i gcúrsaí teanga agus teicneolaíochta. Don chuid is mó, déanann cainteoirí Gaeilge staidéar ar litríocht agus ealaín na Gaeilge agus nach dtéann siad i mbun teangeolaíocht ríomhaireachta.

Deir sé chomh maith go raibh ionchur faighte acu ó Fhoras na Gaeilge le linn cur le chéile an pháipéir le dhá bhliain anuas. Dar leis, ní leor é an Plean 20 Bliain le dul in gleic leis an mórcheist ar fhorbairt na teicneolaíochta teanga.

Dar le Ferdie Mac an Fhailligh (Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge), “Ní rud roghnach í an teicneolaíocht teanga i gcás fhormhór na dteangacha Eorpacha tá sé lánriachtanach dóibh má tá siad le teacht slán mar mheáin chumarsáide sna réimsí saoil ar fad ón ngnó go dtí na healaíona, agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge thar aon teanga Eorpach eile.”

Fáiltíodh an foilseachán i measc Gaeilgeoirí agus thug Ardrúnaí Conradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a smaointe ar an ábhar.

“Tá teicneolaíochtaí ilteangacha fíorthábhachtach agus beidh siad níos tábhachtaí fós sa todhchaí. Is iontach an tionchar a bhí ag teicneolaíochtaí idirlín chun daoine óga go háirithe a spreagadh an Ghaeilge a úsáid níos
minice.”

“Is gréasán iontach atá in META-SHARE chun teangacha a chur chun cinn agus a áireamh i gcroílár teicneolaíochtaí nua agus dá bhrí sin cuidíonn siad le claonadh daoine dul i dtreo mórtheangacha na hEorpa, go háirithe an Béarla, a stopadh.”

“Bheadh sé dochreidte dá bhféadfaí ardán ilteangach a fhorbairt, a éascódh úsáid gach teanga Eorpach, trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht.”

B’iad Ailbhe Ní Chasaide, Elaine Ní Dhonnchadha (an bheirt acu Coláiste na Tríonóide), Rose Ní Dhubhda (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) agus Kevin P Scannell (Ollscoil Saint Louis) a d’fhoilsigh an páipéar i dteanna leis an Dr John Judge.

Fiach Mac Domhnaill

Image Credit: Incase

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.