Toscaireacht Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcorn domhanda Enactus

Bhí toscaireacht de chuid OCBÁC thall i Washington DC ag deireadh na míosa seo caite mar ionadaithe na hÉireann agus iad san iomaíocht do Chorn Domhanda Enactus. Cháiligh OCBÁC don Chorn Domhanda trí comórtas náisiúnta SIFE, mar a tugadh ar anuraidh, a bhuachan.
Is iad Rónán Ó Dálaigh, Dáithí de Buitléir, Sallyanne Downes, Evelyn Boyle agus Hannah Dobson a rinne an chur i láthair ar son an choláiste, agus an tionscadal a bhí á léiriú acu ná RAG Ireland. Níor éirigh leo dul níos faide den chéad bhabhta den Chorn Domhanda.

Is éard a bhí ar bun ag RAG Ireland ná ócáidí ar leith a chur ar siúl chun airgead a thuilleadh d’eagraíochtaí carthanais agus tionchar dearfach a bheith acu sa chomhluadar áitiúil. Seasann an acrainm RAG do na focail “Cruinniú Agus Tabhairt”.

Rinne RAG obair ar son eagraíochtaí carthanais ar nós The Aisling Project, Make A Wish Foundation, Radio Rí Rá, Student Assistance Fund agus Focus Ireland.

Is comhfhocal é Enactus de trí fhocal Béarla; ‘entrepreneurial, action agus us’. An bunphrionsabal atá i gceist ná múnla gnó a chuir i bhfeidhm ar fhadhb shóisialta. Bhuaigh Ollscoil Belmont ó Stáit Aontaithe Meiriceá an chéad áit sa chomórtas. An tionscadal a bhí acu ná gur chruthaigh siad ionad athchúrsála agus thugadar poist do iardhaoránaigh, daoine nach bheadh mórán seans acu post a fháil agus iad ag déanamh rud maith don timpeallacht ag an am céanna.



Bhí an comórtas ar siúl in Ionad Comhdhála Walter E. Washington, Washington D.C. sna Stáit Aontaithe, áit a raibh foirne ó 39 tír éagsúla ag dul in iomaíocht lena chéile.

Dúirt comhbhunaitheoir RAG, Rónán Ó Dálaigh gur bhain said an-tairbhe ón ócáid.
“Bhí i bhfad níos mó taithí ag na foirne eile inár ngrúpa ná mar a bhí againn féin. Bhí 3,000 duine i láthair san Ionad Comhdhála, bhí 39 tír eile i láthair agus bhuaileamar leis an Ambasadóir Éireannach i Meiriceá, Michael Collins.”
Cé nár éirigh leo dul níos faide ná an chéad bhabhta, thug duine amháin de na 40 breitheamh a vóta chéad rogha dóibh.

Ba iontach an rud é do RAG Ireland a bheith curtha os comhair an domhain, mar gur cháiligh an eagraíocht don Chorn Domhanda laistigh de bhliain amháin dá bhunú. Mhínigh Gary Gillick, comhchathaoirleach RAG DCU, an dul chun cinn atá déanta ag an eagraíocht ón mbliain seo caite.
“Chláraigh níos mó ná 600 ball le RAG le linn Lá na gCumann anseo in DCU, tá méadú níos mó ná 100 ball tagtha orainn ón am céanna anuraidh. Tá cumann RAG bunaithe anois i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimneach agus táthar i bpróiseas cumainn a bhunú i gColáiste Phádraig agus in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad chomh maith.”

Chuir an ‘Míle Fo-éadaí’ an tseachtain seo caite tús le himeachtaí RAG. Beidh tionscnamh úr, “Senior Sessions”, á thosú ag RAG i mbliana chun dul i ngleic le fadhbanna aonrú sóisialta i measc daoine aosta sa cheantar. Beidh ‘Bainis Bréige’, ‘Breithlá Bliain is Fiche Rúndiamhair’ agus ar ndóigh an ‘RAG Rumble’ – ócáid dornálaíochta bóna bán a bhailigh €8,000 d’eagraíochtaí carthanachta anuraidh – ar siúl i rith na bliana.
Is féidir teacht ar tuilleadh eolas faoi Chorn Domhanda Enactus ar an suíomh idirlín www.enactus.org agus is féidir teacht ar tuilleadh eolas ar RAG Ireland ar an suíomh idirlín www.dcurag.ie 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.