Mothaíonn ceathrar as deichniúr den aos óg nach fiú a shaol

Rinneadh suirbhé ar 8,000 duine idir an aois 17 agus 25 chun a fheiceáil cén chaoi ina bhfuil an tsláinte intinne in Éirinn. Dúirt ceathrar as deichniúr gur mhothaigh siad nach fiú dóibh bheith ar an saol ar a laghad uair amháin. Bhí an suirbhé déanta ag an eagraíocht um shláinte intinne, Headstrong, agus Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ní chruthaíonn sé pictiúir an-sláintiúil d’aos óg na tire.

Dúirt 2,000 den 8,000 gur mhothaigh siad mar sin i mbliana. Chomh maith le seo, dúirt 21% acu siúd gur ghortaigh siad iad féin d’aon turas gan iarracht lámh a chur ina mbás féin. Dhá thrian de siúd a ghortaigh iad féin le bliain anuas.

Dúirt timpeall is cúig céad de na daoine óga gur thriall siad lámh a chur ina mbás féin le 180 acu seo tar éis iarracht a dhéanamh le bliain anuas. Dúirt ollamh síceolaíochta i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ceannasaí Headstrong, Barbara Dooley, leis an Irish Times “Dúinne, an rud is tábhachtaí ná go bhfuil go leor den aos óg in iompair thromchúiseacha gan aon fhios ag a mhuintir, chlanna agus dhaoine gairmiúla.”

Rinne an Dochtúir Dooley an staidéar lena comhpháirtí taighde Amanda Fitzgerald, agus déanann an suirbhé taighde ar an nasc idir dúlagar, féinghortú agus féinmharú.

“Cé go bhfuil meán aois na ndaoine seo ach fiche bliain d’aois, dar le na sonraí seo tá 1,000 de na daoine óga seo faoi smúit nó faoi thréandúlagar” dar leis an Dochtúir Dooley.

“Mar gheall ar an nasc seo idir dúlagar agus féinmharú, tá sé ríthábhachtach go bhfuil feasacht ardaithe i measc an phobail maidir le hiompar féinmharú sa tír seo.”

Bhí bullaíocht nascaithe leis an dúlagar agus leis an bhféinghortú freisin, dar leis an suirbhé. Leis an 21% de na daoine a nochtaigh gur ghortaigh siad iad féin ag am éigin, d’ardaigh sé sin go 26% maidir le daoine a d’fhulaing ó bhullaíocht. Bhí sé sin i gcomparáid leis an 14% nach ndearnadh bullaílocht orthu.

Ag labhairt faoin suirbhé, dúirt stiúritheoir Headstrong, Tony Bates, gur fachtóir tábhachtach agus gur éifeacht dearfach agus cosantach é “duine fásta cneasta amháin“.

Tháining an suirbhé amach i rith ‘Seachtain um Fheasacht Meabhairshláinte‘ agus léiríonn sé gur fadhb ollmhór fós é an tsláinte intinne sa tír.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.