Cinneadh ródhéanach? An t-athchóiriú is mó ar scrúduithe stáit le fiche bliain.

D’fhógair an tAire Oideachais Ruairí Quinn sraith leasaithe radacacha do scrúduithe an Teastais Shóisearaigh an tseachtain seo caite. Is í aidhm na leasuithe seo ná go mbeidh córas measúnaithe leanúnacha in úsáid i rith na chéad trí bhliana d’oideachas dara leibhéal in Éirinn, in ionad sraith scrúduithe amháin ag deireadh an timthrialla shóisearaigh. Beidh sé an t-athchóiriú is mó atá feicthe ar scrúduithe stáit ó cuireadh deireadh leis an meánteistiméireacht sa bhliain 1991.

Ag labhairt le Morning Ireland, dúirt Emer Smyth, ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, go mbíonn drochthionchar ar scrúdú mór a bheith i lár an chórais oideachais, go háirithe ar fhir óige ó limistéir faoi mhíbhuntáiste, de réir tuairiscí an ITES. Dúirt sí go bhfuil súil aici go gcuirfidh an córas nua béim ar fhoghlaim ghníomhach.

Táthar ag súil go mbeidh fócas níos leithne ag an gcóras nua seo, agus go mbeidh múinteoirí in ann roinnt stíl mhúinteoireachta éagsúla a úsáid, seachas a bheith dírithe ar fhoghlaim le haghaidh scrúduithe amháin. Beidh scrúduithe fós ann ach beidh 40% den mharc iomlán ag dul ar mheasúnuithe i rith na bliana acadúla.
Beidh na scrúduithe faoi chritéir Choimisiún na Scrúduithe Stáit ach beidh siad marcáilte ag na múinteoirí.

Ta imní ar chumainn mhúinteoirí nach mbeidh tuismitheoirí sásta leis an gcóras seo, ach tá sé ráite ag an Uasal Quinn go bhfuil sé muiníneach as múinteoirí na hÉireann agus go bhfuil siad ag déanamh measúnaithe ar obair na ndaltaí sa chéad, dara agus cúigiú bhliain fós féin. Dúirt sé go mbeidh meicníochtaí ar dhearbhú cáilíochta in úsáid agus go mbeidh eolas ag gach scoil maidir leis na meánscóir náisiúnta.

Beidh 21 ábhar ar fáil do mhic léinn. Beidh orthu ocht n-ábhar ar a laghad a dhéanamh, le huasmhéid de deich n-ábhar. Beidh roinnt cúrsaí gearra ar fáil freisin, mar shampla fiontraíocht, na meáin digiteach agus an tSínis. Is é an smaoineamh ná go mbeidh mic léinn in ann dhá chúrsa ghearra a dhéanamh agus beidh luach ábhair amháin ar an dá chúrsa nuair atá na marcanna curtha le chéile. Is é buntáiste a bhaineann leis na cúrsaí seo, dar le Quinn, ná go mbeidh scoileanna in ann cúrsaí a chur ar fáil ag brath ar an gceantar ina bhfuil siad suite.

Athrú eile a bheith i gceist ná go mbeidh an chuid is mó de na hábhair marcáilte ar leibhéal coiteann, seachas an Ghaeilge, an Béarla agus na matamaitice.

Dúirt Quinn go dtógfaidh sé ocht mbliana chun an córas seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go dtosóidh scoileanna ag baint úsáid as in 2014. Is é curaclam an Bhéarla an chéad churaclam a bheidh á athrú, agus athróidh an Ghaeilge, an Eolaíocht agus na Matamaitice ina dhiaidh sin in 2015. Faoi 2020 beidh an Teastas Sóisearach mar atá sé inniu imithe.

Nuair a cuireadh ceist ar Quinn maidir le costas na hathruithe seo, dúirt sé go mbeidh costas breise de €10 milliún in aghaidh na bliana i gceist agus go mbeidh air an t-airgead seo a aimsiú taobh istigh den bhuiséad atá ann cheana.

Gluais
Athchóiriú – restructure
Muiníneach – confident
Meicníochtaí ar dhearbhú cáilíochta – quality assurance mechanisms

Image Credit: Wikimedia Commons/William Murphy

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.