Breis is míle euro cruinnithe ag na daoine bochta agus nochta don Chumann RAG

An raibh tú riamh i do shuí i léacht éigin, i lár aislingeachta agus ag smaoineamh faoi do leaba? Nó b’fhéidir go raibh tú ag stánadh amach an fhuinneog, le dúil mhillteanach le haghaidh rolla ón mbialann ar champas. Bhuel, dá mba rud é go raibh sin á dhéanamh agat inné, timpeall ar a dó a chlog, seans maith go bhfaca tú rud aisteach.

I gcomhoibriú le Domino’s, rith (gan imeartas focal a bheith ar intinn agam) An Cumann RAG an ‘Míle Fo-Éadaí’ ar son carthanais an Chéadaoin seo caite. Bhain timpeall ar 70 mac léinn cróga a mbrístí agus a t-léinte dóibh agus chuaigh siad ag bogchasadh, agus iad beagnach nocht, timpeall an choláiste.
Ní raibh an ghrian ag taitneamh ar an lá dorcha seo agus bhí an bháisteach ag bagairt ar an ócáid an t-am ar fad, ach níor stop sin an imeacht is… ‘suimiúla’… ag dul ar aghaidh mar is gnáth.

Le hidir mhná agus fhir ag glacadh páirte (agus fear amháin ar mhaidí croise), ba radharc neamhghnách a bhí le feiceáil ag mac léinn, léachtóirí agus cuairteoirí ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

In ainneoin na gaoithe, na scamall agus na ndaoine ag caitheamh súile daorbhreithiúnacha orthu go léir, chruinnigh na daoine nochta níos mó ná €1,000 don chás RAG. Tharla an chéad ‘Míle Fo-Éadaí’ anuraidh le linn na chéad bhliana a bhí an Cumann Rag ar an bhfód. Rith mic léinn ar son Seán Lyne anuraidh, fear ach 19 mbliana d’aois le siad inchinne.

Don bhliain seo, rachaidh an t-airgead chuig ceithre thionscadail áitiúla atá á n-eagrú ag an gCumann RAG é féin. Is iad sin ná ‘Operation Paint Ballymun’ chun an t-oideachas agus páirtíocht i ngníomhachtaí seach-curaclaim i measc daoine óga a chur chun cinn trí mheáin na healaíne; ‘Go Gaga For GAA’ atá sa mhúnla céanna ach amháin le peil Ghaelach; ‘Whacky Whistle’ ina mhúintear ceol don aos óg agus ‘Bounce For Ballymun’ ina mhúintear cispheil.

Dúirt Gary Gillick, atá mar chomh-chathaoirleach ar an gCumann Rag, leis an College View go raibh an ‘Míle Fo-Éadaí’ mar “rath ollmhór” agus go léiríonn sé go bhfuil “mic léinn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag iarraidh páirt ghníomhach a bhaint amach chun an ceantar a athrú”. Bhí éadaí ar an Uasal Gillick agus é ag labhairt leis an bpáipéar, don té fiosrach.

Image Credit: Fiona Hughes

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.