Fadhbanna COBÁC ag méadú fós

Tá iar-fhostaithe beáir I gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag dul i mbun gníomhú tionscail de bharr moille ar íocaíocht iomarcaíochta. Dhún an príomh-bheár ar an gcampas i rith an tsamhraidh toisc go raibh fiacha móra á gcruthú aige. Chuir an beár deireadh le trádáil an mhí Mheithimh seo caite agus bhí na fostaithe fágtha gan obair ag deireadh mí Lúnasa.
Bhí iarrachtaí idirbheartaíochta á ndéanamh i rith an tsamhraidh ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais chun go dtagfar ar aontú ar théarmaí iomarcaíochta. Tá pacáistí iomarcaíochta agus pá riaráiste nach bhfuil íoctha leis na iar-fhostaithe go fóill, beagnach mí tar éis dóibh bheith curtha as poist.
Scríobh an ceardchumann Mandate go hUachtaráin COBÁC, Hugh Brady, ag iarraidh air a ladair a chur isteach ar chúrsaí mar go bhfuil cuid de na hiar-fhostaithe ag streachailt le híocaíochta morgáiste.
Bhí beár nua le bheith oscailte in áit an tseanbheáir le linn cúpla seachtaine. Bí sé le bheith in Ionad na Mac Léinn nua, a thógadh ar chostas €30 milliún í. Faraor, tá fadhbanna airgeadais mhíchlúiteacha ag Aontas na Mac Léinn sa choláiste i láthair na huaire agus tá amhras ar an scéal an rachaidh tionscadal an bheáir nua ar aghaidh.
Tá cruinniú creidiúnaithe gairthe ag an gconraitheoir Noel Thompson Builders de bharr deacrachtaí móra sócmhainneacha. Toisc go bhfuil moill tagtha ar thógáil an bheáir nua ar an gcampas, is é an chéad uair ó osclaíodh an campas nach mbeidh beár ann do na mílte mic léinn agus oibrithe atá in COBÁC.
Beidh méadú ar na fadhbanna airgeadais atá ag Aontas na Mac Léin ann mar thoradh ar dhúnadh an bheáir chomh maith. Tá Aontas na Mac Léinn iad féin go mór i bhfiacha, ach tá siad ag fanacht ar €120,000 ón mbeáir, i mbillí dlite. Rinneadh iniúchadh ar chuntais Aontas na Mac Léinn anuraidh a thaispeáin go raibh an tAontas €1.4 milliúin i bhfiacha.
Le linn na seachtaine seo caite, bhí tuairimíocht á déanamh ar an seó raidió Liveline. Dúradh air gur chúis iompraíochta frithshóisialta i gceantair áitiúla é easpa beáir na mac léinn in COBÁC. Ghlaoigh duine den phobail isteach ar sheó Joe Duffy ag déanamh gearráin faoi mhic léinn a bhí ag dul ag ól i dtithe éagsúla i gceantair chónaithe agus iad ag seinm ceoil go glórach agus ag déanamh torainn um thráthnóna is d’oíche i rith na seachtaine. Bhí an gearrán seo bainteach leis an gceantar mórthimpeall an choláiste ach go háirithe agus cuireadh an cheist – an é an fáth go bhfuil sé seo ag tarlú mar nach bhfuil beár ann ar an gcampas do na mic léinn?
Ó thaobh sóisialta agus chomhluadar a chruthú de, is droch-rud é nach bhfuil beár ann i láthair na huaire do mhic léinn Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. I gcoláiste le breis is 20,000 mac léinn, cruthaíonn sé fadhbanna nuair nach bhfuil áit lárnach dóibh bualadh le chéile. Agus leis an reifreann ar siúl i mí na Samhna, is cosúil go mbeidh tionchar ag an tsaincheist seo ar an toradh.

Gluais:

Iomarcaíocht – Redundancy

Fiacha – Debts

Riaráiste – Backlog

Billí dlite – Bills Due

Fiach Mac Domhnaill is our Deputy Irish Editor

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.