Cinneadh mór le déanamh ag McIlroy

Beidh ar Rory McIlroy rogha a dhéanamh idir Éire agus an Bhreatain Mhór maidir leis na cluichí Oilimpeacha 2016 i Rio de Janeiro.  Toisc gurb as tuaisceart na hÉireann é is féidir leis dul chuig na cluichí ar son na dhá thír. Tharla conspóid nuair a d’fhoilsigh Sportsline agallamh ina dúirt McIlroy gur mhothaigh sé níos ceangailte leis an mBreatain Mhór ná Éire.

Ó shin, roinn McIlroy litir a scríobh sé ar a chuntas Twitter, ag diúltú go bhfuil cinneadh ar bith déanta aige go fóill. Tá ceithre bhliana aige chun machnamh a dhéanamh ar an ábhar ach an bhfuil rud ar bith ann le smaoineamh faoi? Luann McIlroy cé chomh tábhachtach is atá na leantóirí atá aige ar fud an domhain ach má roghnaíonn McIlroy ‘Team GB’ is dócha go gcaillfidh sé cuid mhór de leantóirí na hÉireann.

É sin ráite, seans maith go gcaillfidh sé leantóirí na Breataine dá ndéanfadh sé a mhalairt. Is cosúil nach mbeadh frithghníomh na Breataine chomh dona is na hÉireannaigh áfach. D’imir McIlroy ar son fhoireann na hÉireann ag an gCorn Domhanda Gailf faoi dhó agus ag leibhéal sóiséarach. Má athraíonn sé a dhílseacht ag an bpointe ama seo, ceaptar go bhfeicfidh pobal na hÉireann McIlroy mar ‘fhealltóir’.

Níl McIlroy leis féin sa chinneadh seo. Tá an rogha céanna le déanamh ag a pháirtnéir sa Chorn Ryder, Graeme McDowell. Tá an bheirt acu sa suíomh céanna ina d’fhorbair siad a gcuid ghailf faoi stiúir Chumann na nGalfairí in Éirinn agus ar son fhoireann na hÉireann ar stáitse idirnáisiúnta. Tá sé ráite ag McDowell go bhfuil trua aige do McIlroy toisc go bhfuil aird na meáin go léir air faoi láthair.

Tá tuairimí láidre is laige ag go leor galfairí proifisiúnta ar an ábhar chomh maith. Ba é an ceann is spéisiúla ná tuairim Phádraig Harrington. Dar leis má tá McIlroy ag iarraidh ghalf na hÉireann a chur chun cinn, caithfidh sé dul chuig na cluichí Oilimpeacha ar son fhoireann na Breataine. Ina theannta sin, deir sé go gciallódh sé sin go mbeidh galfaire Éireannach amháin eile ann, chun an taithí agus an t-eispéireas a fháil. Tá na cluichí Oilimpeacha i bhfad uainn ag an bpointe seo agus tá go leor gailf le himirt roimhe. Ní féidir linn a bheith cinnte go mbeidh McIlroy cáilithe do na cluichí ag an bpointe sin ach anois caithfidh sé a aird a chasadh ó 2016 go dtí an deireadh seachtaine seo agus an Corn Ryder ar son na hEorpa.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.