Tae Le TeaSoc

By Maitiú Ó Coimín

Tá cumann úr-nua bunaithe ag mac léinn na hIlmheán, Cian Mac Mahon, le seachtain anuas – An Cumann Tae nó ‘TeaSoc’ mar a ghlaoitear air i mBéarla. Bhuail an le Mac Mahon thart ar choicís ó shin agus chaith sé an fógra seo ‘Tempted to start a TeaSoc in DCU. The events would be very relaxing’ amach ar shuíomhanna sóisialta. Ní raibh sé ag súil le mórán agus bhí ionadh an domhain air nuair a bhrúigh breis is ceathracha cara leis ar Facebook an cnaipe ‘Is maith liom é seo’ agus nuair a rinne thart ar tríocha daoine athghliocáil ar an bhfógra ar Twitter. I ndiaidh dó an tacaíocht seo a fheiceáil thóg sé air féin taighde a dhéanamh ar an ábhar agus tabhairt faoin gCumann a bhunú.

Ba é príomhdhúshlán an fheachtais ná na fiche ainm atá riachtanach i gcomhair bunú cumann a fháil ach tar éis cruinnithe ar an Luan seo caite bailíodh ceathracha ainm agus cuireadh tús ceart leis. Roghnaíodh an léachtóir Donal Mulligan, atá i mbun oibre ar a pHD i mbliana, mar uachtarán an chumainn. Ba é Mulligan an té a bhunaigh an ‘Murder She Wrote Society’ a bhain an gradam ‘An Cumann Nua is Fearr’ amach ag na BICS sa bhliain 2005 agus é ina fhochéimí in OCBÁC.
Throid ionadaí an chumainn leis an SLC, Richard Nolan, ag cruinniú ar an gCéadaoin seo caite agus i ndiaidh plé a mhair fiche nóiméad, glacadh leis an gcumann go hoifigiúil. Ciallaíonn sé seo go n-aithneofar an Cumann mar chumann oifigiúil sa choláiste agus go mbeifear in ann maoiniú a fháil i gcomhair na n-imeachtaí; cé nach dtarlóidh sé seo go dtí an chéad bhliain acadúil eile (2012/13).

Tá sé i gceist ag Mac Mahon, a toghadh mar chathaoirleach (nó Tea-seach) ag an gcéad chruinniú, go leor imeachtaí a chur ar siúl agus gheall sé go mbeidh níos mó ná ‘suigh thart agus tae a ól’ á dhéanamh ag an gcumann. Tá a ghránna aige ar ‘ghnáththaenna’ ar nós Barry’s nó Lyon’s agus, tar éis an taighde a rinne sé, ba bhreá leis domhan mór tae a thaispeáint do na baill. Táthar ag súil go mbeidh ceardlanna tae curtha ar fáil, ina mbeidh deis ag baill taenna éagsúla a bhlaiseadh agus a chumaisc, chomh maith le turais chuig taelanna ar fud na cathrach. De réir ráflaí, tá cumainn cosúil leis an gceann seo á mbunú in TeaCD agus DITea agus tá súil ag Mac Mahon go mbeifear in ann ‘IntervarsiTea’ a reáchtáil go luath sa todhchaí.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.