DCUfm briste, brúite agus batráilte

 

By Derek O’Brien

Is comórtas é a thosaigh dhá bhliain ó shin, ach is iompairc í atá níos sine ná sin. I ndiaidh na seachtainí lán le tráchtanna mórtasacha agus daoine á thuaradh an scór, shiúil foireann peile DCUfm agus an College View ar an bpáirc pheile coicís ó shin, chun dul in iomaíocht le haghaidh an ‘Bill O’Herlihy Challenge Trophy’. Bhí an teannas le mothú ar an bpáirc agus ar thaobh na páirce freisin, le daoine bainteach leis an raidió agus an nuachtán ag breathnú agus ag tabhairt tacaíochta dá bhfoirne.

Istigh i gceann de na caighin pheile ar champas a tharla an cluiche, le seisear ar an bhféar ag aon am amháin. Thosaigh an nuachtán le seisear láidir- Conor Donohoe, mar chaptaen ar an bhfoireann, Pádraig Ó Cairbre, cúl báire na foirne agus Sam Griffin, Tim Barnwell, Dwayne Leavy agus an t-eagarthóir Gaeilge é féin mar na himreoirí eile. I ndiaidh na haimsire hormónaí, bhí sraith bheag d’uisce ar an bhféar saorga, rud a chinntigh go mbeadh luas fíorthapa sa chluiche.

Sin díreach céard a tharla agus thosaigh an dá fhoireann ar an ionsaí, lán le haidréanailín. Bhí an liathróid ag zipeáil timpeall ar an dromchla sleamhain agus bhí an dá fhoireann ag streachailt chun smacht a fháil ar an gcluiche, rud a rinne an College View i ndiaidh 5 nóiméad nuair a d’aimsigh Griffin an chéad chúl sa cluiche, i ndiaidh saghas clibirt bheag os comhair an chúil. Bíonn an chéad chúl i gcluiche peile i gcónaí ríthábhachtach, agus níor athshlánaigh foireann an raidió i ndiaidh sin, leis an nuachtán ag dul ó neart go neart. Tharla trí chúl eile sa chéad leath agus chuir an réiteoir stop leis an iomaíocht leis an College View ceithre chúl chun tosaí ar 4-0. Tháinig Eoghan Cormican, Brendan White agus Ian Goode ar an bpáirc ar son an College View don dara leath.

Ceapadh go mbeidh scéal difriúil le feiceáil sa dara leath, toisc nach raibh mórán idir na foirne sna cluichí a tharla sna blianta roimhe sin, ach tharla a mhalairt leis an nuachtán ag tosú sa chaoi chéanna agus fuair siad an chéad chúl sa dara leath taobh istigh de chúpla nóiméad. Ba chosúil go raibh sin an tairne deireanach i gcónra DCUfm agus níor éirigh leo smacht ar bith a fháil ar an gcluiche i ndiaidh sin agus lean an nuachtán leo ag aimsiú cúl. Faoi dheireadh, d’aimsigh lucht an raidió cúl, leis an scór ar 8-0 agus bhí ábhar gáire mholta ag a leantóirí glóracha. Bhí tréimhse láidir ag DCUfm ag deireadh an chluiche, le cuma thuirseach ar fhoireann an nuachtáin. Choimeád Ó Cairbre iarrachtaí DCUfm amach as an gcúl i rith an chluiche ach go háirithe ag an deireadh agus nuair a shéid an réiteoir a fheadóg, bhí 8 gcúl idir na foirne leis an scór deireanach 12-4, difríocht a chur iontas fiú ar imreoirí an nuachtáin. Ach ní raibh aon duine in ann é a shéanadh go raibh an bua go hiomlán tuillte ag an College View agus beidh brú ollmhór ar DCUfm an bhliain seo chugainn, a chlú a athbhunú.

Gluais:

Féar saorga- artificial grass

Dromchla sleamhain- slippery surface

Clibirt- scrum

Gáire mholta- cheer


Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.