Clár Gan Chlárú

By Frances Mulraney 

Thosaigh an feachtas Gaeilge, Bród Club, leis an aidhm 100,000 duine a bheith rannpháirteach leo. Faoin am scríofa, tá 15,000 duine sínithe leis. Gach Luan, cuireann Bernard an clár i láthair le cabhair ó cheoltóirí cosúil le Republic of Loose agus Dublin City Gospel choir chomh maith le Seán agus Sheila Saoránach, ag eagrú a gcuid imeachtaí i nGaeilge timpeall na tíre.

Níor thosaigh an club nó an feachtas seo le Bernard amháin áfach. Tháinig an smaoineamh ón gcomhlacht teilifíse Independent Pictures, ar léirigh cláir cosúil le Rip off Republic agus Ear to the Ground. Dar le Natasha Fennell, bainisteoir tionscadail ar an gclár, bhí an comhlacht ag iarraidh teacht ar an mbealach is fearr le muintir na hÉireann a fháil chun páirt a ghlacadh agus an Ghaeilge atá acu a úsáid arís.  Leis na mílte smaointe acu, bheartaigh siad ar deireadh le club a thosú a mbeadh duine ar bith in ann a bheith mar bhall de.

Dúirt Fennell go raibh rogha éasca acu leis an ambasadóir den chlub a phiocadh. Dhá bhliain ó shin, nuair a d’eirigh sé as dornálaíocht, dúirt Bernard go raibh sé chun Gaeilge a fhoghlaim san am sa bhreis nua a bhí aige. Shocraigh sé a leanbh a thógáil le Gaeilge chomh maith.  Dar léi, chomh luath agus a shuigh siad síos le chéile, ní raibh dabht ar bith acu ach go bhfuil “paisean dochreidte agus dúil dochreidte ag Bernard don teanga”. Chuaigh Independent Pictures chuig RTÉ agus chuig Stillwater Communications, an comhlacht chaidrimh phoiblí cumarsáide, leis an smaoineamh don chlár. Tá taithí ag Stillwater Communications agus a bheith ag reáchtáil feachtas náisiúnta chomh maith le Gaeilge maith ag an bhfoireann atá acu.

Thosaigh an phleanáil don chlár naoi mí ó shin, le cruinnithe ar na bealaí gur féidir leo togáil ar an mbunsmaoineamh. Is ansin a tháinig siad suas leis an nath cainte “use what you have” a bhfuil mar cheann de na príomhtheachtaireachtaí a bhfuil ag an gclár. An rud is tábhachtaí, dar le Natasha, a bhunaigh Stillwater Communications in éineacht leis a deartháir, ná nach bhfuil an Bród Club dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin. Tá sé dírithe ar na daoine nár úsáid an Ghaeilge le blianta anuas agus atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a tharraingt amach arís.

Is “teilifís shóisialta” atá i gceist, le Facebook, Twitter agus a suíomh idirlíon fíorthábhachtach don fheachtas.  Deir Natasha go bhfuil “Twitter craiceáilte le hashtags faoin mBród Club…tugann sé dóchas dom…an Ghaeilge iontach sin a bhfuil á n-úsáid ar Twitter, ar Facebook”. An dúshlán is mó a bhfuil acu le sin áfach, ná nach bhfuil daoine ag síniú suas. Cé go bhfuil siad an-ghníomhaíoch ar na gréasáin shóisialta ar fad, níl an nóiméad á chaitheamh acu le clárú le RTÉ. Bhreathnaigh 330,000 ar an gcéad dhá clár.  Deir Natasha gur figiúr iontach é seo do chlár teilifíse ar an Luan ach go háirithe nuair atá siad ag dul i gcoinne an tsobaldráma Coronation St. Faraor, is léir ón uimhir a bhfuil acu faoi láthair nach bhfuil na daoine seo ag síniú suas.

Agus á labhairt faoin bhfeachtas i ndiaidh an chláir, beidh an suíomh idirlín fós ar líne ar feadh trí mhí nuair a chríochnaíonn sé ar RTÉ, le cabhrú leis na baill lean ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge agus ag baint taitnimh aisti. D’aon plean amach anseo, braitheann sé ar airgead, tá costas de cheithre chéad euro ar an gclár seo ar a laghad. D’éinne a bhfuil ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlub, is féidir d’ainm a chur ar an liosta bróid ar www.rte.ie/bródclub nó iad a leanúint ar Twitter/Facebook. Seoltar nuachtlitir amach gach uile sheachtain leis na himeachtaí don tseachtain agus sonraí teagmhála do ranganna Gaeilge.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *