Foclóir nua Foras

-Derek O’Brien

D’fhógair Foras na Gaeilge ag tús na bliana go bhfuil siad chun €6 milliún a chaitheamh ar fhoclóir nua Gaeilge-Béarla, agus go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh 2012. Is é seo an chéad fhoclóir den sórt seo le 50 bliain anuas agus deirtear go bhfuiltear chun breis is 1,000 focal nua a chur leis. Beidh béim ar fhocail atá bainteach le teicneolaíocht áfach. Foclóir dátheangach timpeall 40,000 ceannfhocal is ea an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, a bheidh foilsithe i riocht leabhair agus i bhformáid leictreonach chomh maith le sin.

Dúirt Cathal Convery, bainisteoir tionscadail ar an bhfoclóir nua: “In ainneoin go raibh na rudaí a chuimsigh an foclóir 50 bliain ó shin thar barr ag an am, níor chuimsigh sé rudaí cosúil le húsáid Éireannach an Bhéarla. Bhí nós ag foclóirí úsáid a bhaint as caighdeán an Bhéarla Sasanaigh mar thúsphointe, de bharr an tslí a labhraítear. Bhí foclóirí i bhfad níos foirmiúla ag an am ina theannta sin agus d’fhágadh rudaí níos coitianta sa ghnáthchaint amach de dheasca”.

Bhí an tionscadal briste amach i gcéimeanna agus thosaigh Céim a hAon i 2006, a dhírigh ar dhearadh teicniúil agus phleanáil an fhoclóra. I measc tréithe na céime tá Nua-Corpas na hÉireann le 30 milliún focal Gaeilge agus 25 milliún focal de Bhéarla na hÉireann. Beidh Sainiú Cineál Doiciméid, a dhéanann cur síor ar struchtúr, eilimintí agus shaintréithe de bhunachar sonraí an fhoclóra agus dréacht cuimsitheach den Treoir Stíle, ina leagtar síos na rialacha agus na polasaithe maidir le scríobh an fhoclóra. Díríonn Céim a Dó ar an téacs féin agus leis an aistriúchán agus an eagarthóireacht. Thosaigh céim an aistriúcháin in 2009 agus faoi dheireadh Aibreáin 2010, bhí 6,400 ciall aistrithe acu (thart ar 6% den ábhar iomlán) Thosaigh obair na heagarthóireachta i mí Mheán Fómhair 2010.

Ó thaobh litrithe, gramadaí agus téarmaíochta, úsáidfear an Gaeilge chaighdeánach san Fhoclóir. Tabharfar áit chun tosaí do mhórchanúintí na hÉireann i gcásanna áirithe agus tabharfar rogha aistriúcháin i gcásanna eile eile, ach cuirfear nodaireacht chuí isteach mar áis don úsáideoir.

Is é Béarla chomhaimseartha na hÉireann go príomha a bheidh san Fhoclóir ach beidh leaganacha coitianta as canúintí eile an Bhéarla san áireamh freisin, go háirithe Béarla na Breataine agus Mheiriceá.

Gan amhras, is am saghas ait é foclóir Gaeilge-Béarla nua a fhoilsiú, i measc dífhostaíochta agus bochtanais agus bhíothas á gearán faoi. Ach do phobal na Gaeilge, tuigtear go bhfuil an iomarca rudaí nua-aimseartha in easnamh sa seanfhoclóir agus go bhfuil gá leis an gceann nua.

Gluais:

Riocht- shape, form

Dearadh Teicniúil- Technical design

Sainiú Cineál Doiciméid- Document Type Definition

Bunachar sonraí- database

Dréacht cuimsitheach- comprehensive draft

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.