Eolaí na dTeangacha

-Gráinne Ní Aodha

 

An gcuimhin leat an teanga iasachta a rinne tú staidéar uirthi le haghaidh na hArdteistiméireachta? An gcuimhin leat conas comhrá a thosú agus a coimeád, mar shampla? Go dtí gur chuaigh sé go dtí an Spáinn, ní raibh Benny Lewis in ann í seo a dhéanamh. B’innealtóir leictreonach é a fuair C2 ina scrúdú Gearmáinise san Ardteist. Anois, is féidir leis an teanga sin, chomh maith le cúig nó sé chinn eile, a labhairt go líofa.

Thosaigh rudaí ag athrú do Benny agus é thall sa Spáinn ag lorg poist, ag íoc as cúrsa costasach a mhúineadh Spáinnis dó. Ach níorbh aon mhaitheas ann. Mar sin thug sé dúshlán dó féin; gan Bhéarla a labhairt ar feadh míosa. Bhí sé mar thús do shraith de dhúshláin teangacha aige, agus tús den tslí bheatha nua mar chainteoir proifisiúnta. “Níorbh é an ghramadach nó an stór focal an fhadhb is mó atá agam, ach an eagla a bhí agam agus ag fáil réidh leis,” a deir Benny, “Déanaim iarracht  taitneamh a bhaint as, agus déantar é seo trí chumarsáid a dhéanamh le daoine eile.” Cur chuige fíor-Éireannach, nach ea?

Anois, is féidir leis seacht nó ocht dteangacha a labhairt go líofa, agus 16 nó 17 gcinn eile a úsáid go réasúnta. Tá treoirleabhair foilsithe aige darb ainm, ‘The Language Hacking Guide’. Tá blag aige le haghaidh dhá bhliain anuas, agus é ag tarraingt 400,000 cuairteoir nua gach mí agus é mar an blag teanga is gnóthaí ar domhan.

Thug an Cabhánach cuairt ar cheantair Ghaeltachta chun tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim. I dtuairim Lewis, tá an córas atá againn le teangacha a fhoghlaim róchriticiúil. Déanann sé comparáid suimiúil idir foghlaim na scoile agus foghlaim le daoine ; “ Nuair atá tú ag labhairt le daoine eile agus ag déanamh botún, faigheann tú misniú agus aiseolas deimhneach uathu, in ionad X mór dearg.”

Faoi láthair tá Lewis ag tabhairt faoin dúshlán is deacra atá aige go dtí seo; Sínis Mhandairín a fhoghlaim laistigh de 3 mhí. Má tá suim agat i cad atá le rá ag Benny Lewis, is é 29 Ceachtanna Foghlaimthe Tríd an Domhain a Taisteal ar Feadh 8 Bhliain, an t-alt is clúití aige.Is féidir é a leanúint ar a shuíomh idirlín fluentin3months.com, Twitter nó ar Facebook, ar ndóigh, agus é ag tabhairt leideanna dá leanúnaithe ar conas teanga a fhoghlaim níos fusa. Léiríonn rath an fhir seo dúinn gur féidir teanga a fhoghlaim as do stuaim féin, seachas a bheith ag íoc as.

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.