Cé atá ag faire ar na Fir Faire?

-Rob Ó Conchúir

Is iomaí duine a bhfuil máistir-saothar Alan Moore “Watchmen” léite acu. Seans an-mhaith go bhfuil an scannán feicthe acu chomh maith. Is sár-obair amach is amach atá sa scéal, a bhí de chumas aige stádas leabhar-ghreannáin a iompar ó shiamsaíocht do pháistí go foirm ard-ealaíona sofaisticiúil chomh maith le foirm dháiríre litríochta. Murab ionann le an-chuid d’ard-saothar greannáin na 80í, is féidir an argóint a dhéanamh go bhfuil “Watchmen” cuí i sochaí paranóideach, ró-chumhachtach na linne seo.

An rud is tábhachtaí faoi “Watchmen” i gcomparáid le scéalta agus carachtair eile a eascraíonn ó mheán na ngreannán, ná gur scéal iomlán atá sa leabhar 12-caibidil, le tús, lár agus deireadh. Bhí sé mar aidhm ag Alan Moore agus Dave Gibbons scéal iomlán a scríobh, seachas treoirphlean a leagadh amach do scéal a rachadh ar aghaidh ar feadh na mblianta fada (féach leithéidí Batman, Justice League, X-Men, srl.). Thuig DC Comics é seo ag an am agus chlóigh siad nach mór in iomlán le tuiscint an scéil – nach leanadh sé ar aghaidh i ndiaidh na caibidle deireanaí. Ar feadh breis is fiche bliain, bhí “Watchmen” sábháilte ó aon chuid nó caibidil breise scríofa ag scríbhneoirí difriúla.

Ach le tús na míosa seo, tá sé fógartha ag DC Comics go bhfuil sé mar aidhm acu “réamhscéalta” (prequels; scéalta nua bunaithe roimh thús an chéad scéil) a chur amach scríofa agus tarraingthe ag foireann do scríbhneoirí difriúla. Ar fud an idirlín, tá rí-rá ag titim amach i measc lucht leanúna Alan Moore agus Dave Gibbons, atá go huile is go hiomlán i gcoinne caibidil bhreise don scéal. Mar is gnáth, tá daoine eile ina gcoinne siúd, ag rá nár chomhair a bheith ródháiríre faoi chumhacht an scéil sa chéad áit, agus gur chomhair pé sult a fháil as na scéalta nua seo is gur féidir; mura bhfuil maitheas leo, is cuma, tá “Watchmen” ann go fóill agus tá sé fós go hiontach.

Tá sé de nós ag Alan Moore a bheith an-mhíchabhrach nuair atá daoine ag iarraidh splanc nua a fháil óna shaothair. Tá an-ghráin aige ar na scannáin a déanadh as a scéalta (From Hell, The League of Extraordinary Gentlemen, V for Vendetta agus Watchmen) cé go ndeir sé nach bhfuil oiread is ceann amháin feicthe aige; an chúis atá aige i gcoinne na scannán seo ná nach maith leis an meán sin! Ar an dóigh céanna, is fuath leis nuair a dhéanann daoine iarracht leanúint lena gcuid scéalta ar shlí nach raibh i gceist aige. Nuair a chuala sé cad a bhí beartaithe ag DC i leith “Before Watchmen”, labhair sé amach ina gcoinne, ach rá “[Nach] raibh aon scéal leantach nó réamhscéalta i ndiaidh Moby Dick!”. I ndáiríre, níl sé de cheart ag Moore teacht amach le ráiteas mar seo. Le bheith féaráilte, tá “The League of Extraordinary Gentlemen” bunaithe in iomlán ar scéalta dhaoine eile, chomh maith le “The Lost Girls” (sraith an-ait ar fad).

B’fhéidir an fhadhb is mó atá ag lucht freasúra “Before Watchmen” ná go bhfuil an tsraith á chur chun cinn ag DC Comics ag am ina bhfuil siad dírithe i bhfad níos mó ar thuilleadh airgid seachas ar scéalta iontacha a scríobh. Le déanaí tá DC tar éis gach sraith atá acu a thosú arís le tuilleadh léitheoirí a mhealladh. Tá ag éirí go maith leis na hiarrachtaí seo don chuid is mó, ach tá an-chuid daoine den tuairim nach bhfuil mórán mianaigh leis na scéalta nua. Níl aon dabht ach go bhfuil DC ag táirgeadh scéalta nua “Watchmen” toisc an airgead; an ionann é seo agus cúis réasúnta leis na carachtair áirithe sin a chur os ár gcomhair arís?

An cosaint is láidre atá ag DC faoi láthair ná go bhfuil foireann den chéad scoth i bhfeighil ar na scéalta nua. Ina measc, J. Michael Straczynski, Brian Azzarello agus Darwyn Cooke ag scríobh agus Andy Kubert, Joe Kubert agus Lee Bermejo ag tarraingt. Ag an bpointe seo, is é an t-aon rogha atá ag Moore, Dave Gibbons agus lucht leanúna uile na ngreannán ná fanacht go dtí go mbíonn na scéalta seo ar fáil le léamh, agus tuairimí a fhorbairt bunaithe ar an obair críochnaithe. Níl aon mhaitheas a bheith ag troid faoi rud nach bhfuil ar fáil go fóill.

 

Gluais:

 

Paranóideach- paranoid

Eascair- derided from

Treoirphlean- blueprint

Mianach- quality

I bhfeighil- In charge

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.