Bruton ag tabhairt Aire ar ghnólachtaí nuathionscanta

Derek O’Brien 

Tá sé fógartha ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Richard Bruton, go bhfuil ciste nua, le luach €10 milliún, tosaithe ag an rialtas. Tá an tAire ag iarraidh fiontraithe atá thar lear, a mhisniú chuig Éirinn agus gnólachtaí nuathionscanta a chur sa tír.

Beidh an ciste riartha ag an ngníomhaireacht stáit, Fiontraíocht Éireann, agus beidh sé ag díriú go háirithe ar an ‘Díospóra Nua’, nó mar is fearr aithne- na daoine thar lear a rinne staidéar nó a bhí ag obair in Éirinn cheana. Díreoidh an ciste ar na hearnálacha cosúil le néalríomhaireacht, cluichí, an t-idirlíon, ‘medtech’ agus na hearnálacha airgeadas timpeall na hEorpa, na Astráile agus Meiriceá Thuaidh. Díreoidh an ciste ar thionscnaimh atá réidh le hinfheistíocht agus atá ag lorg idir €200,000 agus €500,000 ina dteannta sin. Beidh an infheistíocht mar ghnáthscair, a bhainfidh an rialtas sa chomhlacht, ach ní thógfaidh siad níos mó ná 10%.

Ag labhairt faoin tionscnamh dúirt Frank Ryan, príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Fiontraíocht Éireann, go bhfuil forbairt na ngnólachtaí nuathionscanta le hardchumas, ríthábhachtach sa straitéis um chruthú post agus fhás geilleagrach.

Chun tacaíocht a thabhairt do mhargaíocht an chiste i gcéin is i gcóngar, beidh Fiontraíocht Éireann á ceapadh roinnt fiontraithe Éireannacha a mbíonn go mór os comhair an phobail chun a bheith ina nAmbasadóirí  Gnólachtaí Nuathionscanta Idirnáisiúnta. Bhí Dylan Collins, fiontraí Éireannach le go leor taithí ar an earnáil idirlín, ceann de na céad daoine chun glacadh leis an ról.

Ag fógairt an chiste, dúirt an tUasal Bruton nach bhfuil an rialtas chun fadhbanna na tíre a réiteach amháin, ach “chun geilleagar dinimiciúil a cruthú arís atá an domhan in éad ar, agus ina bhfuil breis is dhá mhilliúin duine ag obair…Mar a dúirt mé roimhe, ní ba chóir go mbeadh ár n-uaillmhian an Google nó an Microsoft nua a mhisniú go hÉirinn, ach an Google nó an Microsoft nua a fhorbairt in Éirinn”.

Tá an rialtas ag cur béime ar an gcáin chorparáide ísle atá ar fáil in Éirinn agus go bhfuil an tír mar bhearna gheata chuig an Eoraip agus margaidh eile. Faoi láthair na scríbhneoireachta, níl aon trácht ráite ag an bhfreasúra maidir leis an gciste, ach léiríonn luach beag an chiste (i gcomórtas le rudaí eile) an staid atá ar chúrsaí airgeadas na tíre.

Is é an ciste seo, an chéad tosaíocht atá luaite ar shuíomh Gréasáin phearsanta Bruton, agus beidh sé suimiúil le feiceáil an mbeidh na tosaíochtaí eile (díriú ar dheiseanna fabhracha agus níos lú ualaí cánacha ar mhicrea-ghnólachtaí) á leanúint an tionscnamh seo.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.